‘Ice’ agus ‘snow’ ag teacht: Stádus Buí rabhadh ó Met Éireann le oighir don tír ar fad

07/03/2023

Tá rabhadh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann le contúirtí oighir don tír ar fad. Tiocfaidh an rabhadh i bhfeidhm ó 6pm Dé Luain agus fanfaidh sé ann go dtí 10am Dé Máirt.

Tá an rabhadh Met Éireann go háirithe dóibh siúd a mbeidh ag dul amach ag gluaiseacht ar na bóithre nó ag siúl ar na cosáin. Deir siad go mbeidh stráicí oighreata (icy stretches) ann.

Snow Warning Feature 768x448 1

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Brrrrrrrrrr! Sneachta na Gaeilge!
Snow alert’ ó Met Éireann i cúpla lá

Beidh tús ‘an-fhuar’ leis an tseachtain seo chugainn, de réir Met Éireann agus ‘go leor éiginnteachta’ ag dul isteach i lár na seachtaine.

Beidh oíche Dé Luain ‘an-fhuar’ le teocht ag titim idir 0C agus -3C, rud a fhágann go mbeidh sioc forleathan agus stráicí oighreata i gceantair.

Beidh Dé Máirt fós fuar, ach beidh ‘neart’ gréine freisin. Táthar ag súil le ceathanna scaipthe le flichshneachta (sleet) agus sneachta, go príomha ar thuaisceart agus iarthuaisceart na tíre.

Fanfaidh teocht an tráthnóna idir 4C agus 6C agus ceathanna geimhridh ag leanúint ar aghaidh thar oíche ar an gcósta thuaidh.

Beidh Dé Céadaoin ‘níos séimhe’ (milder), le báisteach i ndeisceart na tíre. Táthar ag súil go n-iompóidh an bháisteach ina flichshneachta nó ina sneachta i gceantair den tír.

SNOW Dublin Mountains 1

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Le sin beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táláid agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram