Fear gafa ar amhras faoi marú tar éis corp a fháil i dteach i gCo Mhaigh Eo

Tá fear gafa ar amhras faoi marú tar éis corp fir a bheith aimsithe i dteach i gCaisleán an Bharraigh (Castlebar), Contae Mhaigh Eo.

D’fhreagair Gardaí agus na seirbhísí éigeandála tuairiscí ar thine i dteach ar Chnoc an Phiasúin (Pheasanthill), go gairid tar éis 6.30pm.

Thángthas ar chorp fir istigh sa teach.

Gardai generic2 960x560 1

Deir Gardaí gur gabhadh fear ar amhras faoi marú agus go bhfuil sé á choinneáil i Stáisiún Garda Chaisleán an Bharraigh.

Caomhnaíodh láthair an tí agus chuathas i dteagmháil le Biúró Teicniúil an Gharda Síochána agus Paiteolaí Stáit.

‘GAA star’ ciontach! Ionsaí ‘sneaky’ ar an sean-iriseoir Ray Managh sna Ceithre Cúirteanna

Tá Gardaí ag achainí ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh leo ag Stáisiún na nGardaí Chaisleán an Bharraigh ar 094 903 8200, Líne Rúnda na Gardaí ar 1800 666 111, nó aon stáisiún Gardaí.

Eddie Og OReilly

NÍOS MÓ NUCHT CLIC ANSEO: ‘GAA star’ ciontach! Ionsaí ‘sneaky’ ar an sean-iriseoir Ray Managh sna Ceithre Cúirteanna

De réir ráitis ó Ghardaí: ‘Tá fear gafa ag Gardaí ar amhras marú. Tá sé faoi choinneáil i Stáisiún Garda Chaisleán an Bharraigh faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984.

‘Tá an láthair caomhnaithe faoi láthair agus táthar ag iarraidh seirbhísí Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána, agus Oifig an Phaiteolaí Stáit a fháil.’

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Le sin beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táláid agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram