D’fhéadfadh Ospidéal Ginearálta Loch Garman a bheith ag cur cóir leighis ar othair arís go luath tar éis an dóiteáin mhór ann inné.
Ach d’fhéadfadh sé a bheith seachtainí nó míonna, áfach, sula n-athbhunófar áiseanna don 200 othar ar fad.
Tá an leibhéal damáiste a bhí déanta ag an dóiteáin ar Dé Céadaoin ‘beag go leor’, a dúirt oifigeach dóiteáin sinsearach, agus ba cheart go mbeadh an t-ospidéal in ann a bheith oscailte ar is laistigh de laethanta.
Níor gortaíodh duine ar bith de bharr na tine ach rinneadh cinneadh an t-ospidéal ar fad a aslonnú (evacuate).
D’fhan aonaid agus criúnna ó Sheirbhís Dóiteáin Loch Garman ar an láthair san ospidéal thar oíche chun a chinntiú nach dtiocfaidh an dóiteán ar ais aris.
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an Príomhoifigeach Cúnta Sinsearach Dóiteáin (Senior Assistant Chief Fire Officer), Ray Murphy, gur thosaigh an tine i seomra plandaí ar dhíon do áit tábhachtach den ospidéal, agus bhí staighre lárnach agus túr ardaithe, gar do thrí bhloc bharda, buailte.
Níl cúis an tine cinnte go fóill, ach dúirt an tUasal Murphy go bhféadfadh gur mhífheidhmnigh píosa trealaimh, mar shampla caidéal (pump) nó mótair.
Dúirt sé go raibh scála an damáiste beag go leor agus dúirt sé nach raibh mórán damáiste déanta. Dúirt sé freisin go raibh sé teoranta do limistéar beag laistigh den ospidéal.
D’fhéadfadh an t-ospidéal a bheith ag feidhmiú arís laistigh de laethanta, a dúirt sé, ach is dócha go dtógfaidh sé seachtainí nó míonna le breis agus 200 othar a fháil ar ais isteach.
Dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí (Chief Operations Officer) an HSE Damien McCallion go bhfuil gach coinne roghnach (elective) agus othar seachtrach (outpatient) san ospidéal curtha ar ceal inniu agus amárach.
Dúirt sé go mbeidh scrúdú teicniúil ar siúl inniu a féachaint cén uair is féidir seirbhísí a atosú.
Tá socruithe a dhéanamh do sheirbhísí máithreachais a chur ar fáil in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.
Idir an dá linn, bhí an próiseas chun breis agus 200 othar a aslonnú as an ospidéal ag leanúint ar maidin Déardaoin, agus 29 othar fágtha san ospidéal.
I ráiteas, dúirt Ospidéal Ginearálta Loch Garman ‘go bhféadfadh na hothair seo fanacht agus cóireáil a fháil san Ospidéal, más cuí’.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.