SEACHTAIN NA GAEILGE: Labhair cúpla focal am ar bith, áit ar bith … Seo cúpla imeacht atá ar siúl inniu chun an Ghaeilge a spreagadh

Is inniu an céad lá de Seachtain na Gaeilge, an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn agus ar fud an domhain, agus beidh sé ag dul ar aghaidh go dtí Lá Fheile Padraig.

An aidhm atá leis ná go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil níos mó.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus in go leor tíortha eile gach bliain.

Inniu, ar an gcéad lá, seo cuid de na himeachtaí ar fud na tíre

acadamh 423x500 1

Díospóireacht Idirollscoile

Seomra Díospóireachta Mhic Gearail, Ionad na Mac Léinn, An Coláiste Ollscoile, BÁC.

Seo an chéad díospóireacht idirollscoile, maoinithe ag Acadamh na Lianna, i gcomhar le hOifigigh na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile BÁC, agus Coláiste na Tríonóide. Táthar ag súil é a leathnú amach sna blianta atá romhainn. Díospóireacht ar ábhair leighis a bheas ann, do mhic léinn leighis agus do mhic léinn sna gairmeacha gaolmhara. Tá duaischiste €300 i mbliana. ‘Sé teideal an rúin a phléifear ná ‘Bheadh Córas Iomlán Leighis Phoiblí do chách níos fearr ná an Córas Measctha atá againn in Éirinn faoi láthair’

TheTable 500x152 1
An Bord

The Table/An Bord

Amharclann na Péacóige, 26, Sráid Na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath

Tá an bord suite i gcroílár teaghlach Ó Flatharta. Lámhdhéanta as crann a muintir, seachadadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, leag an chlann cliabhán air, d’imir páistí  faoi, cheiliúir daoine fásta aige agus dúradh slán air. Imrítear cleas, déantar beart, athraítear teaghlach go deo. Tá an bord a thug le chéile iad ag seasamh eatarthu anois. Fiosraíonn Branar go tuisceanach tionchar an Chogaidh Chathartha tríd an scéal ábhartha seo ar an chaoi go féidir teaghlach a roinnt. Scríofa ag Christian O’Reilly agus stiúrtha ag Marc Mac Lochlainn, tá The Table á léiriú ag cliár ensemble Forbraíodh The Table ar dtús le cúnamh ó Sparánacht Cuimhneacháin.

Can Amhrán

Domhnach Cearnaigh, Contae na Mí

Cór daoine óga ag canadh amhráin as Gaeilge.

Bímís ag Spraoi

Halla Spóirt, Ascaill Chnoc na Labhras, Luimneach

3 sheisiún thraenála dátheangach le cluichí spraoiúla agus comórtais beaga i dteannta le club eile – Limerick Sport Huskies.

Tráth na gCeist agus Comórtas Griangraif

Uimhir 6, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Cailin Ciuin 3 1168x681 1
Catherine Clinch in An Cailín Ciúin

IFI Schools: An Cailín Ciúin for Classrooms

Le tacaíocht ó An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus i gcomhpháirt le Breakout Pictures, tá An Cailín Ciuin a chur i láthair do Sheachtain na Gaeilge (1- 17 Mharta). San áireamh anseo beidh taispeáintí scannán ar líne agus beidh treoir mhionsonraithe staidéir ann le haghaidh obair ranga. Cíos an scannán ar €5. Rachaidh an scannán in éag tar éis 10 lá.

Seoladh Seachtain na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe

Áras na nGael, 45, Sráid Dhoiminic, Cathair na Gaillimhe

Ag 6in, beidh Seachtain na Gaeilge á seoladh ag grúpaí Gaeilge Chathair na Gaillimhe. Beidh aoichainteoirí agus ceoltóirí ann ar an oíche, agus seolfar eagrán speisialta d’Irisleabhar Áras na nGael le clár na n-imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

SnaG Logo RGB AW Full Colour NoKeyline 4 500x500 1

Seoladh ‘Seán Ó Ríordáin; Na Dialanna 1&2, 1940’

Áras Scríbhneoirí na hÉireann, 19, Cearnóg Pharnell Thuaidh, Baile Átha Cliath

Ba mhór ag na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht agus ag an Dr Pádraig Ó Liatháin daoine a bheith i láthair nuair a sheolfaidh an tOll. Emerita Máirín Nic Eoin Seán Ó Ríordáin: Na Dialanna 1 & 2, 1940. Pádraig Ó Liatháin a chuir in eagar in Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag 6.30pm.

Meitheal na Cabraí

CLG Naomh Fionnbarra, Ascal an Fhasaigh, Cabrach

Oíche Comhrá agus ceol i gclubtheach Naomh Fionnbarra, beidh deis ag daoine amhrán a chanadh nó urlais a bheith leo.

Comórtas Ealaíne do bhunscoileanna

Ceatharlach, Contae Cheatharlach

Comórtas Ealaíne do bhunscoileanna Rang 1 – 6.

An Pas- Gaeilge agus Gnóthaí

Cill Dara, Gnóthaí i Nás na Ríogh agus na Sollán

An Pas- Gaeilge agus Gnóthaí

Comórtas Ealaíne

Bunscoil Holy Trinity & Enniskillen Gaels club, Club CLG Ghaeil Inis Ceithleann

Comórtas Ealaíne

Pop Up Gaeltacht Ráth Eanaigh

CLG Ráth Éanna, Bóthar Na Naomh, Baile Átha Cliath

Pop Up Gaeltacht Ráth Eanaigh

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram