Thug Sunak cuairt ar an Tuaisceart chun comhaontú nua Brexit a mholadh … ach níl glactha ag an DUP leis go fóill

Thug Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak cuairt ar an Tuaisceart Dé Máirt tar éis dó comhaontú a fháil leis an AE chun an Prótacal a athchóiriú.

Ag labhairt dó ar an gclár Today ar BBC Radio 4, dúirt an príomh-aire go gcreideann sé go ndéileálann an comhaontú nua ar Brexit, ar a dtugtar an Windsor Framework, le hábhair imní na ndaoine sa Tuaisceart.

Tá an DUP, a thug  Feidhmeannas Thuaisceart Éireann anuas mar gheall ar an bPrótacal, ag smaoineamh ar a bhfreagra ar an comhaontú nua.

sunak von der leyen 2 480x672 1
Rishi Sunak agus Ursula von der Leyen 

Cuireann an comhaontú deireadh le bacainní an Phrótacail ar thrádáil trasna Mhuir Éireann agus tugann sé ‘crosadh (veto)’ do pholaiteoirí i Stormont ar dhlí an Aontas Eorpach, roinnt géillte ón mBruiséil a chuaigh níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis.

Tá an DUP ag déanamh staidéir chúramach ar théacs dlí an comhaontú nua ach dúirt ceannaire an pháirtí Jeffrey Donaldson nach ndéanfaí cinneadh gasta faoi.

Dúirt Michelle O’Neill de chuid Shinn Féin nár cheart go mbeadh aon mhoill maidir le Stormont a athbhunú, agus d’iarr páirtithe eile ar an DUP dul ar ais ag obair.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil an comhaontú ina chaibidil nua sa chaidreamh idir an RA agus an AE, rud a bhí tábhachtach i bhfianaise saincheisteanna ‘geopolitical’ eile ar nós an chogaidh san Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh.

donaldson 768x448 1
Jeffrey Donaldson

‘Bhí mé den tuairim i gcónaí go bhfuil sé tuillte ag muintir Thuaisceart Éireann go bhfuil tábhacht lena vóta agus go dtéann na daoine a thogh siad isteach sa Tionól agus isteach san Fheidhmeannas,’ a dúirt sé, ag labhairt dó ar raidió Newstalk.

‘Agus thar aon rud eile, tá cinnteacht ag teastáil ó na daoine a chruthaíonn poist i dTuaisceart Éireann, i ngnó agus i dtionscal.’

Dúirt sé gur ardaigh aontachtachas saincheisteanna sonracha agus gur éist an AE.

Labhair ceannaire an TUV, Jim Allister, go diúltach faoin mbeart, ag rá gur fhág sé an Prótacal i bhfeidhm.

Cé go ndúirt an tUasal Donaldson go dtógfadh sé am ag an DUP a fhreagairt ar an socrú a bhreithniú, dúirt MP Aontroma Thuaidh Ian Paisley le GB News nár shíl sé gur thairg sé a dhóthain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram