An ceathrú duine gafa tar éis lámhach oifigeach PSNI: Ghlaoigh sé ar leanaí ‘Rith! Rith!’ agus é á phumpáil le hurchair

24/02/2023

Tá an ceathrú duine gafa ag an PSNI sa Tuaisceart maidir le hiarracht ar mharú oifigeach póilíneachta as dualgas a lámhachadh roinnt uaireanta agus leanaí gach áit timpeall air.

psni scene 2John Caldwell 3 960x560 1
Buaileadh an t-oifigeach, nach raibh ar dualgas ag an am, arís agus arís eile sa torso agus é ag iarraidh éalú

Lámhaigh daoine le gunnaí Bleachtaire Príomh-Chigire (Detective Chief Inspector) John Caldwell os comhair a mhac óg san ionsaí ar choimpléasc spóirt san Ómaigh, Co. Thír Eoghain, tráthnóna Dé Céadaoin.

Rith an tUasal Caldwell achar gearr agus thit sé ar an talamh áit ar lean na hionsaitheoirí ag caith urchair air – agus páistí ag rith chun sábháilteacht, leis an baol ann go bualadh ceann dóibh freisin.

Ach d’éirigh Caldwell ar a chosa arís le rabhadh a thabhairt dá mhac agus na leanaí eile ‘Rith! Rith!’ de réir mar a chuir easaontóirí an IRA Nua amhrasta air.

Tá an t-oifigeach gortaithe fós i riocht criticiúil ach seasmhach (stable) san ospidéal tar éis obráid ar a chuid créachta.

Gabhad triúir fir ar aois 38, 45 agus 47 bliain d’aois cheanna féin, agus coinníodh iad san Ómaigh agus Oileán an Ghuail (Coalisland). Tá siad á gceistiú ag Musgrave Serious Crime Suite.

Póilín sinsearach is ea an Det Príomh-Chigire Caldwell a bhí páirteach i roinnt imscrúduithe ardphróifíle le déanaí, lena n-áirítear bás Natalie McNally i Lurgan.

Bhí sé ag cur peil isteach i mbúit a chairr nuair a tháinig beirt fhear gunnaí agus lámhachadh é.

Buaileadh an t-oifigeach, nach raibh ar dualgas ag an am, arís agus arís eile sa torso agus é ag iarraidh éalú; agus lámhachadh é tar éis dó titim go talamh.

psni 7feat
Bleachtaire Príomh-Chigire (Detective Chief Inspector) John Caldwell

Mhol an PSNI ball ‘cróga’ den phobal a tháinig i gcabhair air agus an t-ionsaí ar siúl.

D’éalaigh na fir ghunna i gcarr beag dubh, a fuarthas dóite amach tamall gairid ina dhiaidh sin.

Dúirt an PSNI gur ar phoblachtánaigh easaontacha, go háirithe ar an IRA Nua, a bhí príomhfhócas an fhiosrúcháin.

Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Simon Byrne le tuairisceoirí ar maidin go bhfuil an Bleachtaire Caldwell ‘ina bhall luachmhar agus gníomhach dá phobal áitiúil’.

Dúirt sé go bhfuil smaointe a chomhghleacaithe leis féin agus lena theaghlach agus é ‘ag troid ar feadh a shaoil san ospidéal inniu’.

psnishot
‘Bhí mac óg Sheáin féin in éineacht leis ag an am agus chonaic sé an lámhach’

Dúirt an tUasal Byrne go bhfuil sé ‘tragóideach agus brónach go bhfuil daoine ann ar mian leo sinn a tharraingt ar ais go dtí an am atá thart’.

Dúirt an Príomh-Chonstábla Cúnta Mark McEwan go raibh ‘go leor daoine óga, leanaí’ eile ag fanacht le bheith bailithe ag a dtuismitheoirí nuair a tharla an t-ionsaí.

‘Is mór an náire go ndearna na fir ghunna an iarracht seo ar dhúnmharú os comhair na sluaite daoine fásta agus leanaí.

‘Bhí mac óg Sheáin féin in éineacht leis ag an am agus chonaic sé an lámhach. Is uafásach an tráma a bhain leis an mbuachaill óg seo agus ní dhéanfaidh sé dearmad go deo ar a a rud a chonaic sé.’

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an ionsaí mar ‘gníomh uafásach iarracht ar dhúnmharú’.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, gut lámhach náireach’ é.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go raibh an lámhach ‘depraved and shocking’.

Ag labhairt di ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh an lámhach diabolach agus do-ghlactha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram