Níl plean Rwanda ceadaithe sa Tuaisceart, a deir cúirt

Ní féidir polasaí díbeartha go Rwanda de chuid Rishi Sunak a úsáid sa Tuaisceart mar gheall ar chomhaontú Brexit chun Comhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement) a chosaint

Níor cheart go mbeadh cumhacht ag polasaí díbeartha go Rwanda sa Tuaisceart mar gheall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, a rialaigh breitheamh ardchúirte i mBéal Feirste.

Dúirt an breitheamh go mbaineann an polasaí an bonn de chosaintí cearta daonna a ráthaítear ansin faoi shocruithe iar-Brexit.

Dúirt an Breitheamh Michael Humphreys freisin nach raibh codanna den Acht um Imirce Neamhdhleathach (Illegal Migration Act), atá cáinte go láidir, in Éirinn, sa Bhreatain agus ar fud an domhain, ag teacht leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (European Convention on Human Rights, ECHR).

Plan Rwanda de chuid Rishi Sunak
Plan Rwanda de chuid Rishi Sunak

Deir comhaontú Windsor, a aontaíodh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, nach féidir aon laghdú a dhéanamh ar na cearta atá i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998.

Ba é rialú na cúirte ar an Luan go raibh ‘laghdú ar chearta’ sa Tuaisceart mar thoradh ar fhorálacha (provisions) an Achta, lena n-áirítear d’iarrthóirí tearmainn (asylum seekers) a bhfuil cónaí orthu ann.

Bhain dhá chás le rialú na cúirte, ceann a thóg Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine (Northern Ireland Human Rights Commission) agus an ceann eile ag iarrthóir tearmainn atá 16 bliana d’aois ón Iaráin atá ina chónaí sa Tuaisceart, tar éis dó an Bhreatain a shroicheadh mar leanbh gan tionlacan.

Bhí teannas idir Rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine mar thoradh ar phlean Rwanda.

Bhí foláireamh tugtha ag an Tánaiste Micheál Martin do rialtas Thoraí Rishi Sunak sa Bhreatain go raibh comhaontú ann go bhféadfaí iarrthóirí tearmainn a thabhairt ar ais don Bhreatain.

Thug Micheál Martin rabhadh faoi plean Rwanda
Thug Micheál Martin rabhadh faoi plean Rwanda

Dhiúltaigh an tUasal Sunak don rabhadh, áfach, agus dúirt sé nach raibh aon chumhachtaí dlí ag an comhaontú.

Dúirt sé freisin gur rud maith é go raibh iarrthóirí tearmainn ag dul go dtí an Tuaisceart agus ansin ag trasnú na teorann go dtí an Phoblacht.

Dúirt sé gur chruthaigh sé go raibh plean Rwanda ag obair.

Tá rialtas na Breataine ag smaoineamh ar achomharc a dhéanamh i gcoinne an rialaithe sa chúirt, agus tá sé ráite ag dlíodóirí go bhféadfadh sé deireadh a chur le pleananna na n-airí sa Bhreatain chun na mílte iarrthóirí tearmainn a chur go Ruanda, fiú murar tháinig siad ón tír sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram