Tá cás san Ard-Chúirte seolta ag fear céile Mary Lou McDonald i gcoinne an iar-aire Shane Ross agus foilsitheoir mar gheall ar a beathaisnéise (biography) a scríobh Ross faoi cheannaire Shinn Féin le déanaí.
Chuir aturnaetha, a bhí ag gníomhú ar son Martin Lanigan, litir chuig an Uasal Ross, atá ina iriseoir freisin, anuraidh, agus é ag rá nach raibh sé sásta le cuid d’ábhar na beathaisnéise, .
Is ea Mary Lou McDonald, a Republican Riddle, ainm an leabhar a bhí foilsithe ag Atlantic Books, Londain.
I gcaibidil amháin sa leabhar tá roinnt ceisteanna faoin maoiniú a bhí ar fáil ag Ms McDonald agus a fear céile dá dteach reatha sa Chabrach, Baile Átha Cliath.
Spreag ábhar na caibidle conspóid nuair a foilsíodh an leabhar.
Ag an am a fuair sé an litir anuraidh dúirt an tUasal Ross nach raibh aon líomhaintí míchuí sa leabhar ach gur chuir sé ceisteanna réasúnta a dúirt sé gur cheart a fhreagairt.
Dúirt Ms McDonald anuraidh gur saoránach príobháideach é a fear céile agus go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach príobháideach a ndea-cháil a chosaint.
‘Ar ndóigh, braitheann ár gcóras ar dhá rud – saoirse cainte, saoirse an phreasa agus freisin an ceart atá ag gach saoránach a ndea-cháil a chosaint agus a chosaint,’ a dúirt sí.
‘Agus is saoránach príobháideach é m’fhear céile agus sílim go bhfuil na cearta sin do shaoránaigh phríobháideacha thar a bheith tábhachtach.’
Dúirt an tUasal Ross Dé Máirt go ndéanfaidh sé cosaint sa chás ‘go hiomlán’ agus gur iarr sé agallaimh ar Ms McDonald agus an tUasal Lanigan agus é ag déanamh taighde ar a leabhar, ach dhiúltaigh siad.
“Bheadh mé an-sásta agallamh a chur ar Mary Lou agus Martin Lanigan … agus é sin a dhéanamh sula ndéanaim an leabhar a nuashonrú, rud a bhfuil súil agam a dhéanamh.’ a dúirt sé.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.