CÚLRA: Tugadh ‘The Peacmaker’ ar an Easpag David mar gheall ar a chuid oibre leis na boicht le linn círéibeacha Rodney King

20/02/2023

Tugadh ‘The Peacemaker’ ar an tEaspag as Corcaigh, David O’Connell, a scaoileadh marbh i Los Angeles, mar gheall ar a chuid oibre le linn círéibeacha Rodney King.

Rugadh an tEaspag David O’Connell i gCorcaigh agus rinne sé staidéar i gColáiste All Hallows, Baile Átha Cliath.

Thángthas ar a chorp i mbloc 1500 ar Janlu Avenue i Hacienda Heights thart ar 1pm Dé Sathairn, agus tá fiosrúchán dúnmhairithe faoi bun anois.

David OConnell Feature 768x448 1

Fiosrúchán dúnmharaithe i
ndiaidh lámhaigh agus
maraíodh easpag Éireannach
‘The Peacemaker’ in LA:
CLIC ANSEO

Dhearbhaigh ráiteas ón Ardeaspag José H Gomez go bhfuair an tEaspag Ó Conaill bás ‘gan choinne,’ ag rá i ráiteas ‘Is turraing (shock) é agus níl aon fhocal agam chun mo bhrón a chur in iúl.’

Dúirt an tAthair Tom Hayes ó Dheoise Chorcaí agus Ros Mhic Thriúin go raibh ionadh agus brón ar shagairt sa deoise nuair a fuaireadar bás an Easpaig Uí Chonaill, de réir tuairisce san Irish Times.

Dúirt sé go raibh cáil ar an Easpag Ó Conaill ina theach uchtaithe mar ‘Peacemaker’ as an ról a bhí aige chun teannas a mhaolú i ndiaidh círéibeacha Rodney King i 1992.

David OConnell 5 1168x681 1
An tEaspag David O’Connell

Dúirt sé freisin go raibh sé ina mhinistreacht i Deoise Los Angeles ag obair i measc na ndaoine faoi mhíbhuntáiste agus gur ‘iarr sé go sonrach an mhinistreacht sin’.

‘Dhéanfadh sé go leor oibre san áit a raibh dronganna i réim agus dtugtaí “Peacemaker” air, agus is mar aitheantas ar an obair sin a ordaíodh ina Easpag Cúnta é.

‘Tar éis a ordaithe mar Easpag Cúnta in 2015, d’iarr sé fanacht ag obair leis na daoine faoi mhíbhuntáiste in LA,’ a dúirt an tAthair Hayes.

david oconnell priest 1 768x448 1
An tEaspag David O’Connell

Dúirt an ráiteas ón Ardeaspag Gomez: ‘Mar shagart agus níos déanaí ina easpag anseo i Los Angeles ar feadh 45 bliain, ba dhuine urnaí domhain (a man of deep prayer) é an tEaspag Dave a raibh grá mór aige dár Máthair Bheannaithe.

‘Síochánaí a bhí ann le croí ar son na mbochtán agus na n-inimirceach, agus bhí dúil aige i bpobal a thógáil ina raibh beannú agus dínit gach beatha daonna á n-urramú agus á gcosaint.

‘Cara maith a bhí ann freisin, agus is brón mór é domsa, agus do daoine eile freisin,’ a dúirt sé. ‘Bígí linn le bhur dtoil ag guí ar son an Easpaig Dave agus ar son a mhuintire in Éirinn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram