Tá Nicola Sturgeon le éirí as mar Chéad-Aire na hAlban, a dúirt sí i gcinneadh a chuir iontas ar thráchtairí polaitiúla.
Dúirt sí: ‘Is ó áit dhualgais agus grá a thagann mo chinneadh.’ Agus dúirt sí le hiriseoirí go bhfuil sí ag ‘troid’ le ceist a todhchaí le roinnt seachtainí anuas.
Agus í ag súil go mbeidh Albain ina tír neamhspleáchais, dúirt Sturgeon: ‘Creidim go bhfuil muid sa chéim dheireanach.’
“Creidim go láidir go stiúrfaidh mo chomharba (successor) Albain chun neamhspleáchais,” a deir sí.
Dúirt sí: ‘Dóibh siúd a bhraitheann díomá, nó b’fhéidir fiú beagán feargach liom, le do thoil… ná bíodh aon amhras ort go bhfuil sé seo an-deacair domsa.
‘Is ó áit dhualgais agus grá a thagann mo chinneadh. Grá dian (togh love), b’fhéidir, ach grá mar sin féin do mo pháirtí agus thar aon rud eile don tír.’
Dúirt Ms Sturgeon gurb é an t-aon bhealach chun a phost a déanamh i gceart ná gach rud a thabhairt dó, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil sé níos déin. Cuireann sé isteach ort féin ‘agus na daoine thart timpeall ort’,a dúirt sí.
Bhí sí ar an gcéad aire is faide sa tír.
D’fhulaing ceannaire páirtí Náisiúnta na hAlban sraith deacrachtaí polaitiúla le déanaí.
Ar cheann acu sin bhí cinneadh chúirt uachtarach na Ríochta Aontaithe diúltú dá pleananna do reifreann úr neamhspleáchais do mhuintir na hAlban.
Bhí ceann eile as a chéile faoi éigneoir dúbailte (double rapist) á chur chuig banphríosún tar éis di a fhógairt gur bean trasnánach í.
Níl sé soiléir fós cathain a fhágfaidh sí an oifig, agus féadfaidh sí próiseas fada a fhógairt chun ligean dá páirtí, atá i gceannas uirthi ó mhí na Samhna 2014, comharba a cheapadh.
Tá tuairimíocht ag dul i méid go raibh Sturgeon ag ullmhú chun seasamh síos sa chéad toghchán parlaiminte eile in Albain, ach ní go tobann. Dúirt sí le tuairisceoirí arís agus arís eile nach raibh aon phlean aici éirí as agus go raibh sé i gceist aici rialtas na hAlban agus an SNP a threorú isteach sna toghcháin do Holyrood in 2025.
Léirigh sraith pobalbhreitheanna gur thit an tacaíocht do Sturgeon go pearsanta agus don SNP le seachtainí beaga anuas, rud a ceaptar gur spreag an chonspóid dhian faoin rapist Isla Bryson.
Bhí sí ar an gcéad cheannaire ban ar Albain nuair a tháinig sí i gcumhacht in 2014, bhí sí tar éis maoirsiú a dhéanamh ar rath ollmhór toghcháin don SNP agus í ag brú le haghaidh reifreann eile ar neamhspleáchas.
Ghlac sí an ceann i ndiaidh na vótaíochta deiridh, inar dhiúltaigh Albanach briseadh amach as an gcuid eile den RA faoi 10 bpointe céatadáin, agus tá sí ag brú ar son vóta eile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.