Fear céile Nicola Sturgeon gafa maidir le himscrúdú ar airgeadas an SNP

Tá fear céile Nicola Sturgeon, iar-Chéad Aire na hAlban agus ceannaire an SNP, gafa ag na póilíní. Gabhadh é maidir le himscrúdú ar airgeadas an pháirtí.

Dúirt póilíní in Albain go bhfuil fear 58 bliain d’aois, a dtuigtear gurb é Peter Murrell, atá ina iar-phríomhfheidhmeannach de chuid an SNP, faoi choimeád agus go bhfuil bleachtairí á cheistiú.

Tá oifigigh i mbun cuardaigh freisin ag roinnt áiteanna mar chuid den imscrúdú.

Ceaptar go bhfuil baile Sturgeon agus Murrell i nGlaschú i measc na n-áiteanna atá á gcuardach.

Tá an doras tosaigh ar an teach cosanta ag puball (tent). Creidtear freisin gur áit eile atá i mbun cuardaigh ná ceanncheathrú an SNP atá gar do pharlaimint na hAlban i nDún Éideann (Edinburgh).

Dúirt príomhaire na hAlban agus ceannaire an SNP, Humza Yousaf, go bhfuil an tuairiscí gur gabhadh Murrell ‘dúshlánach’
Fear céile Nicola Sturgeon gafa: Dúirt príomhaire na hAlban agus ceannaire an SNP, Humza Yousaf, go bhfuil an tuairiscí gur gabhadh Murrell ‘dúshlánach’

Páirceáladh veaineanna póilíní ar thaobhshráid gar d’oifigí an SNP, agus chuaigh téip póilíní suas timpeall taobh amuigh de theach Sturgeon.

Dúirt na póilíní go gcuirfear tuarascáil chuig Oifig na Corónach agus chuig an tSeirbhís Procurator Fioscach (Crown Office and Procurator Fiscal Service).

Tá an t-imscrúdú ag féachaint ar cad a tharla do níos mó ná €685,000 (£600,000) a d’ardaigh feachtóirí (campaigners) neamhspleáchais na hAlban in 2017. Bhí an t-airgead le caitheamh ar an gceist sin agus reifreann eile, ach bhí sé ar iarraidh ó chuntais chomhdaithe (filed) an pháirtí.

D’éirigh Ms Sturgeon as a post mar cheannaire an pháirtí agus mar Chéad-Aire na hAlban an mhí seo caite.

Dúirt ráiteas ó Police Scotland: ‘Tá an t-ábhar seo faoi an Acht um Dhíspeagadh Cúirte 1981 (Contempt of Court Act 1981) agus moltar don phobal a bheith aireach má bhíonn siad á bplé ar na meáin shóisialta.’

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Easpa múinteoirí mar gheall ar cíosanna
arda. An bhfuil oideachas ceart á fháil ag na daltaí?

Dúirt príomhaire na hAlban agus ceannaire an SNP, Humza Yousaf, go bhfuil an tuairiscí gur gabhadh Murrell ‘dúshlánach’ ach dhiúltaigh siad trácht ar imscrúdú beo na bpóilíní.

‘An nuacht ar maidin, tá sé dúshlánach agus tá sé deacair,’ a dúirt Yousaf le tuairisceoirí.

‘Chomhoibrigh an SNP go hiomlán leis an imscrúdú, agus leanfaidh sé ar aghaidh ag déanamh amhlaidh.’

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Óglaigh faoi imscrúdú: Gardaí ag
fiosrú 26 éileamh faoi ‘serious sexual abuse’

I ráiteas, dúirt an SNP: ‘Is léir nach mbeadh sé cuí trácht a dhéanamh ar aon imscrúdú póilíneachta beo ach tá an SNP ag comhoibriú go hiomlán leis an imscrúdú seo agus leanfaidh sé ar aghaidh ag déanamh amhlaidh.

‘Ag cruinniú Dé Sathairn, d’aontaigh comhlacht rialaithe (governing body) an SNP, an NEC, athbhreithniú a dhéanamh ar rialachas agus trédhearcacht (transparency), a thabharfar ar aghaidh sna seachtainí amach romhainn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram