BEAN BRÓDÚIL: Bhí deora uirthi agus í ag imeacht, ach sheas Sturgeon an fód in aghaidh na ceannairí is cumhachtaí

Bhí ionadh ar thráchtairí polaitíochta inniu nuair a d’fhógair Nicola Sturgeon, uaireanta gar do dheora, go raibh sí ag éirí as mar Chéad Aire na hAlban.

Ach is léiriú é a cinneadh agus a fógra ar bhean a thug paisean agus praiticiúlacht dá cuid polaitíochta i gcónaí.

Mar Chéad-Aire na hAlban léirigh Sturgeon a láidreacht carachtar, nuair a sheas sí in aghaidh fir agus eagraíochtaí cumhachtacha.

nicola168x623
Nicola Sturgeon: ‘‘Dóibh siúd a bhraitheann díomá, nó b’fhéidir fiú beagán feargach dom, le do thoil… ná bíodh aon amhras ort go bhfuil sé seo an-deacair doms’

Le linn srianta Covid-19, nuair a bhí Donald Trump ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe, dúirt sí leis go raibh sé cosúil le gach duine eile agus nár cheart dó taisteal go hAlbain chun galf a imirt.

Agus nuair a chuaigh an Prionsa William agus Kate Middleton ar camchuairt timpeall Shasana agus na hAlban le linn Covid dúirt an Chéad-Aire go raibh treoirlínte dochta i bhfeidhm in Albain agus go raibh siad curtha i gcuimhne don teaghlach ríoga.

Scríobh sí freisin chuig iar-Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag éileamh go mbeadh ceart ag muintir na hAlban an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a reáchtáil.

Mar sin féin, le linn ráitis agus preasagallamh mhothúchánach i nDún Éideann (Edinburgh) ar Dé Céadaoin mhínigh ceannaire páirtí Náisiúnta na hAlban (SNP) gur cinneadh deacair a bhí ann di an éirí ass.

Bhí sí ar an gcéad aire is faide sa tír.

Nicola Sturgeon Donald Trump Scotland Golf feat 768x448 1
Dúirt sí le Donald Trump go raibh sé cosúil le gach duine eile agus nár cheart dó taisteal go hAlbain chun galf a imirt le linn Covid

Dúirt Sturgeon nach bhfuil sí ag fágáil na polaitíochta agus go leanfaidh sí le feachtais phearsanta.

Dúirt sí: ‘Is ó áit dhualgais agus grá a thagann mo chinneadh.’ Agus dúirt sí le hiriseoirí go bhfuil sí ag ‘troid’ le ceist a todhchaí le roinnt seachtainí anuas.

‘Dóibh siúd a bhraitheann díomá, nó b’fhéidir fiú beagán feargach dom, le do thoil… ná bíodh aon amhras ort go bhfuil sé seo an-deacair domsa.

‘Is ó áit dhualgais agus grá a thagann mo chinneadh.

‘Grá dian (tough love), b’fhéidir, ach grá mar sin féin do mo pháirtí agus thar aon rud eile don tír.’

Nicola Sturgeon William Kate 768x448 1
Nuair a chuaigh an Prionsa William agus Kate Middleton ar camchuairt chuir sí i gcuimhne don teaghlach ríoga go raibh treoirlínte dochta i bhfeidhm in Albain

Dúirt Ms Sturgeon gurb é an t-aon bhealach chun a phost a déanamh i gceart ná gach rud a thabhairt dó, agus ciallaíonn sé sin go bhfuil sé níos déine é a dhéanamh. Cuireann sé isteach ort féin ‘agus na daoine thart timpeall ort’, a dúirt sí.

Agus í ag súil go mbeidh Albain ina tír neamhspleáchais, dúirt Sturgeon: ‘Creidim go bhfuil muid sa chéim dheireanach.’

‘Creidim go láidir go stiúrfaidh mo chomharba (successor) Albain chun neamhspleáchais,’ a deir sí.

‘Agus is léir go mbeidh neamhspleáchas ann,’ a dúirt sí. Tá sí ‘cinnte go bhfuil an chúis á buachan’.

Dúirt sí: ‘Tá Albain níos cothroime inniu ná mar a bhí in 2015. Tá an oiread sin a bhfuil mé bródúil as, ach tá i bhfad níos mó le déanamh i gcónaí.’

Agus é gar do dheora, ghabh Sturgeon buíochas lena fear céile agus lena theaghlach – ‘mo charraig ar fud’ – agus leis an SNP agus muintir na hAlban.

‘Bíodh a fhios agaibh, le bhur dtoil, gur pribhléid mo shaol a bhí sé, a bheith i bhur chéad aire,” a deir sí.

D’fhulaing sí sraith deacrachtaí polaitiúla le déanaí.

sturgeonBoris8
Scríobh sí freisin chuig iar-Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag éileamh go mbeadh ceart ag muintir na hAlban an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a reáchtáil

Ar cheann acu sin bhí cinneadh chúirt uachtarach na Ríochta Aontaithe diúltú dá pleananna do reifreann úr neamhspleáchais do mhuintir na hAlban.

Bhí ceann eile faoi éigneoir dúbailte (double rapist) á chur chuig banphríosún tar éis di a fhógairt gur bean trasnánach í.

Níl sé soiléir fós cathain a fhágfaidh sí an oifig, agus féadfaidh sí próiseas fada a fhógairt chun ligean dá páirtí, atá sí i gceannas air ó mhí na Samhna 2014, comharba a cheapadh.

Bhí tuairimíocht ag dul i méid go raibh Sturgeon ag ullmhú chun seasamh síos sa chéad toghchán parlaiminte eile in Albain, ach ní go tobann.

Dúirt sí le tuairisceoirí arís agus arís eile nach raibh aon phlean aici éirí as agus go raibh sé i gceist aici rialtas na hAlban agus an SNP a threorú isteach sna toghcháin in 2025.

nicola22
‘Creidim go láidir go stiúrfaidh mo chomharba (successor) Albain chun neamhspleáchais’

Léirigh sraith pobalbhreitheanna gur thit an tacaíocht do Sturgeon go pearsanta agus don SNP le seachtainí beaga anuas, rud a ceaptar gur spreag an chonspóid dhian faoin éigneoir Isla Bryson.

Bhí sí ar an gcéad cheannaire ban ar Albain nuair a tháinig sí i gcumhacht in 2014, bhí sí tar éis maoirsiú a dhéanamh ar rath ollmhór toghcháin don SNP agus í ag brú le haghaidh reifreann eile ar neamhspleáchas.

Tháinig sí i gcomharbacht tar éis Alex Salmond. D’éirigh seisean as post an Chéad Aire i 2014 nuair a theip ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban sa Reifreann Neamhspleáchais.

Chuaigh Sturgeon i gceannas an pháirtí agus rún daingean aici neamhspleáchas a bhaint amach d’Albain, agus cé gur éirigh léi cur go mór le líon suíochán an SNP i ndiaidh an reifrinn, níor éirigh léi ina h-iarrachtaí reachtaíocht a rith a cheadódh don pharlaimint an bunreacht a athrú.

.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram