Bí bródúil as a bheith ar an bhfoireann is fearr ar domhan, a deir Farrell le laochra na hÉireann

13/02/2023

D’iarr Andy Farrell ar laochra rugbaí na hÉireann glacadh go bródúil as a stádas mar an fhoireann is fearr ar domhan tar éis a mbua iontach i gcoinne na Fraince sna Sé Náisiún.

Mar gheall ar bhua iontach, 32-19, na hÉireann ar na seaimpíní cosanta, tá siad in ann teideal agus an Grand Slam a éileamh don chéad uair ó 2018 i leith.

Tabharfaidh foireann Farrell aghaidh ar an Iodáil sa Róimh ar an 25 Feabhra roimh chluichí in aghaidh na hAlban agus Shasana, le an-chuid daoine a rá go bhfuil an foireann náisiúnta chun an chraobh a bhuachan ar Dheireadh Seachtaine Phádraig.

irelandfranceFEAT 768x448 1

Beidh sé suimiúil an chaoi a ndéileálann Éire le bheith ainmnithe mar an fhoireann is fearr agus Corn an Domhain 2023 ag druidim chun cinn, ach áitíonn Farrell gur féidir leo an brú a láimhseáil.

‘Bhuel, tá an cheist curtha le cúpla mí anois, agus níor iompaigh muid ón bhfíric go bhfuil sé fúinn féin agus muid ag feabhsú; agus ag glacadh leis an bhfíric go bhfuil targaid  níos mó ar ár ndroim,’ a dúirt sé.

‘Agus is féidir leis sin a bheith go maith dúinne mar gheall ar na cásanna níos éagsúla gur féidir linn deileáil leo, go háirithe agus an freasúra ag dul a bheith céim níos fearr ná mar a bhí, is iontach an rud dúinn sinn féin a thástáil, agus féachaint an féidir linn déileáil leis an gcineál sin brú.’

irelandrugby1
Hugo Keenan agus Peter O’Mahony 

Beidh coicís ag scuad Farrell chun ullmhú don chéad chluiche eile agus seans go mbeidh Éire gan Rob Herring agus Tadhg Beirne.

B’éigean Herring a bhaint as an gcluiche tar éis greamaigh ard ó Uini Atonio sa chluiche in aghaidh na Fraince, agus d’fhulaing Beirne gortú cos sa dara leath.

Níl fhios ach an oiread an mbeidh Dan Sheehan, Tadhg Furlong, Jamison Gibson-Park nó Robbie Henshaw réidh chun tosaigh ar an gcluiche.

Seachas iad sin, ní bheidh Farrell ag iarraidh athruithe a dhéanamh roimh an gcluiche i gcoinne na nIodálach.

  ‘Is deacair dúinne é mar bíonn brú i gcónaí ar gach cluiche Tástála ar aon nós,’ a dúirt Farrell.

‘Is taobh maith iad, tá siad ag imirt rugbaí dochreidte mar is eol dúinn tríd an bhfómhar.

‘Tá siad ag saothrú an chirt chun na cluichí sin a bhuachan, agus ní mór duit an easpa ama cluiche atá ag cuid dár mbuachaillí a chur san áireamh.

  ‘Mar sin tá na ceithre nó cúig phointe atá á dtairiscint díreach mar a chéile leis an tseachtain seo. Tá meas iomlán againn ar an Iodáil.’

Bhí taispeántas iontach ag Éire i gcoinne na Fraince i mBaile Átha Cliath mar a thug Hugo Keenan, Garry Ringrose, Finlay Bealham, James Ryan, Josh van der Flier agus Caelan Doris léirithe den scoth.

Chuaigh binse na hÉireann i bhfeidhm go mór freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram