TG4 faoi bhrú gan clár faisnéise a chraoladh ar thragóid Chraoslaigh anocht

D’iarr teaghlach beirt a fuair bás i bpléasc an Chraoslaigh (Creeslough) i gCo Dhún na nGall anuraidh ar TG4 gan clár faisnéise faoin eachtra a chraoladh anocht (De Céadaoin).

Fuair páirtí Áine Flanagan, Robert Garwe, agus a iníon, Shauna Flanagan Garwe, bás le linn an phléasctha, a maraíodh deichniúr i mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Dúirt deartháir Ms Flanagan, Killian Flanagan, le Liveline ar RTÉ Raidió 1, go bhfuil teagmháil déanta aige le TG4 agus leis na Gardaí chun a iarraidh nach ndéanfaí an clár a chraoladh fad is atá fiosrúchán ar siúl ag na Gardaí.

Creeslough ALL feature 768x448 1
Na deich n-íospartach de phléasc i Creeslough: Leona Harper, 14, Robert Garwe, 50, Shauna Flanagan Garwe, five, Jessica Gallagher, 24, and James O’Flaherty, 48. Agus Martina Martin, 49, Hugh Kelly, 59, Catherine O’Donnell, 39, a mhac James Monaghan 13, agus Martin McGill, 49

Dúirt sé nár chuathas i gcomhairle leis an teaghlach faoin gclár, dar teideal ‘Iniúchadh TG4 – An Craoslach’, ach go bhfuair a dheirfiúr amach faoi ó alt ar líne ag an Donegal Daily, agus ‘nár chodail’ sí i a dhiadh sin dá bharr.

Dúirt sé go bhfuil imscrúdú ilghníomhaireachta ar siúl agus go bhfuil Ms Flanagan ag lorg freagraí faoinar tharla agus cén fáth ar tharla sé.

Dúirt an tUasal Flanagan gur laochra iad an pobal agus na hoibrithe tarrthála a bhí páirteach sa chlár faisnéise.

croislShauna Flanagan Garwe
Shauna Flanagan Garwe. Pic: An Garda Síochána/PA Wire

Ach dúirt sé: ‘Cuirfear iallach ar Áine agus daoine eile breathnú ar chlár faisnéise uair an chloig ag tabhairt cuairt arís ar an gcaibidil is measa dá shaol dá bhfuil ann, agus rudaí a fheiceáil agus a chloisteáil don chéad uair, agus níl sé sin ceart.’

Ag labhairt dó thar ceann a dheirfiúr, dúirt sé go bhfuil sí trína chéile faoin méid a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil aici ar a gclár.

‘Ní ceart gurb é seo an chéad léiriú ar an méid a tharla,’ a dúirt sé.

‘Cén fáth a gcuirfidís riachtanais an táblóideachas (sensationalism) chun tosaigh ar riachtanais theaghlaigh na n-íospartach, ní thuigim é.’

croisluchRobert Garwe
Robert Garwe. Pic: An Garda Síochána/PA Wire

Dúirt sé freisin, nuair a bheidh imscrúdú na nGardaí críochnaithe, go gcuirfear freagraí ar fáil agus gur féidir le daoine é sin a phróiseáil ar bhealach éigin agus gurb é sin an t-am cuí chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a rinne na tarrthóirí (rescuers) a bhí ar na chéad daoine a tháinig chun cabhrú; ní ag am a bhfuil teaghlaigh ag iarraidh bogadh ar aghaidh.

I ráiteas, dúirt TG4 go bhfuil an clár dar teideal ‘Iniúchadh TG4 – An Craoslach’ ag iarraidh aird a tharraingt ar mhuintir na háite a chuidigh leis an oibríocht tarrthála ar láthair na tubaiste.

Dúradh sa ráiteas go raibh na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh a mbuíochas a chur in iúl don ghnáthphobal a tháinig i gcabhair ar a chairde agus a chomharsana.

Léirítear meas sa chlár do na daoine a maraíodh agus níl aon rud ann nár tuairiscíodh go poilbí cheana, a deir TG4.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram