Imní ag dul i méid faoi chonspóid na dtithe altranais agus ceisteanna faoi heipitíteas C

07/02/2023

Tá imní ag dul i méid sa Rialtas faoi chonspóid na dtithe altranais agus na ceisteanna a ardaíodh faoi heipitíteas C.

Mhéadaigh na ceisteanna heipitíteas C an teannas polaitiúil, tar éis nochtadh san Irish Mail on Sunday faoin Taoiseach Leo Varadkar; sé sin  nuair a bhí sé ina Aire Sláinte in 2015, go raibh sé beartaithe aige teidlíochtaí cúiteamh (redress) na mball teaghlaigh a ndeachaigh an scannal i bhfeidhm orthu a bhaint go rúnda.

De réir doiciméad Rialtais a sceitheadh (leadked), mhol an tUasal Varadkar go ndéanfaí idir €260 milliún agus €1 billiún a shábháil ó dhréacht-dhlí a dhéanfadh sraith ciorruithe ar bhearta cúitimh (compensation measures) heipitíteas C i mBealtaine 2015.

Sé mhí roimhe sin, i mí na Samhna 2014, dúirt an tUasal Varadkar nach raibh aon phlean ag a Roinn aon athruithe a dhéanamh ar an scéim chúitimh heipitíteas C.

leo varadkar 1168x681 2
Leo Varadkar

Bhain na ciorruithe molta a leagadh amach i meamram (memo) Bealtaine 2015 le hathruithe reachtaíochta chun teidlíochtaí éagsúla a theorannú agus chun gaolta cleithiúnacha na ndaoine ionfhabhtaithe a baint go hiomlán ón scéim sa todhchaí.

Tá an tArd-Aighne nua Rossa Fanning ag ullmhú tuarascáil ar straitéis dlíthíochta leanúnach conspóideach an Stáit don Chomh-Aireachta Dé Máirt.

Dúirt duine sinsearach amháin: ‘Tá sé ag méadú. Tá an cheist á cur: cén áit a stopann sé. Cén t-uafás atá ag fanacht sna comhaid? Níl sé seo srianta.’

Tá fearg fós ar Airí faoi bheith á gcáineadh as comhairle dlí a leanúint.

Dúirt duine sinsearach: ‘Cé chomh maith agus a rachfadh rialachas dá ndéanfaimis neamhaird de chomhairle dlí? Bheadh uafás orainn as a bheith mífhreagrach.’

Rinne foinse shinsearach amháin achoimre ar an bplean a bhain le scannal na dtithe altranais: ‘Níl sé go hálainn, tá cuma uafásach air, ach an plean atá ann fós ná é a fheiceáil amach. Déanfaidh an pobal dearmad. Bheadh cás morálta níos láidre acu siúd atá ag cáineadh muid dá mbeadh córas sláinte poiblí againn. Níl. Tá córas le dhá shraith againn.

‘Íocfaidh daoine as seirbhísí i gcónaí, go dtí go gcuirfear Sláintecare i bhfeidhm 20 bliain ó anois. Cén fáth ar chóir eisceacht a dhéanamh do chúram aosta?’

Luaigh figiúr ardleibhéil eile: ‘Cuidíonn sé gur rud stairiúil é seo go bunúsach. Rialaigh Mary Harney agus an scéim Fair Deal é seo ar fad dhá scór bliain ó shin.’

Dé Máirt seo caite, chosain an Taoiseach Leo Varadkar úsáid straitéise dlí dírithe ar dhliteanas féideartha an Stáit maidir le táillí tithe altranais príobháideacha a chuimsiú agus rinne sé cur síos ar an bplean mar ‘straitéis dhlisteanach dlíthiúil ag an Rialtas’.

In ainneoin a dhlíthiúlachta, áfach, níorbh fhéidir leis an Taoiseach cuimhneamh ar an straitéis.

Bhí baill Fhine Gael ‘míshásta’ faoin gcur chuige dlíthiúil. Thug TD amháin le fios: ‘B’fhéidir go bhfuil sé cruinn go teicniúil ach arís feictear dúinn gurb é an páirtí olc atá ag tacú leis an Stát in aghaidh na ndaoine sinn.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram