Troid le Katie Taylor ar siúl … ach idir Eddie Hearn agus CLG

03/02/2023

Beidh troid mór ag Katie Taylor i mBaile Átha Cliath ach ní bheidh sé os comhar na mílte lucht leanúna atá aici sa tír seo, agus tá tionscnóir Katie agus an GAA ag cuir an milleán ar a chéile mar gheall ar sin.

Dúirt tionscnóir Katie, Eddie Hearn, go raibh costais an CLG ró-ard. Dúirt sé: ‘Tá sé dochreidte, tá sé frustrachas.’

Ach dhiúltaigh stiúrthóir staidiam agus tráchtála an CLG Peter McKenna é sin agus dúirt sé: ‘Tá na costais a luaitear i bhfad níos lú ná mar a ghearrfaimis de ghnáth mar ba bhreá linn Katie Taylor a bheith againn.’

Dúirt sé: ‘Bheadh súile an domhain orainn. Ní bhíonn cúthail orainn riamh imeachtaí den scoth mar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a thabhairt anseo.’

Katietaylor8
Katie Taylor

Mar sin, mar gheall ar an easaontas, in ionad a bheith roimh 80,000 i bPáirc an Chrócaigh, beith an babhta roimh 9,000 sa 3Arena, agus meastar go mbeidh praghsanna ticéid chomh hard le €140.

Tá éisteoirí raidió ag cuir a díomá in iúl ó maidin, mar gheall go mbeidh an t-athimirt idir Katie agus Amanda Serrano, ar 20 Bealtaine, os comhar lucht féachana beag.

Ní hé seo an fháilte mhór a bhí na mílte lucht leanúna ag iarraidh a thabhairt di i mBaile Átha Cliath. Ná ag Katie féin.

Anuraidh nuair a bhuaigh Katie in aghaidh Serrano dúirt sí gurb é an t-aon mhothú a d’fhéadfadh a bheith níos fearr ná an bua sin ná troid sa bhaile i bPáirc an Chrócaigh.

Ba é sin ‘the stuff of my dreams’, a dúirt sí.

Go bunúsach tháinig deireadh leis an aisling maidir le filleadh abhaile do churaidh an Domhain i bPáirc an Chrócaigh toisc nach raibh an comhlacht tionscnóra Matchroom  – a chuireann troideanna gairmiúla Taylor ar fad chun cinn – sásta costas cíosa an CLG don staidiam a íoc.

eddie hearn 1068x623 1
Eddie Hearn

Agus é ag cuir an milleán ar an CLG, dúirt Hearn, atá mar cathaoirleach ar Matchroom, go raibh an CLG ag éileamh trí oiread an méid a chosnaíonn sé Staidiam Wembley a fháil  le haghaidh troid.

Ach tuairiscíodh gur €400,000 an costas a bhainfeadh le Páirc an Chrócaigh a fháil ar cíos ar 20 Bealtaine, agus idir €282,000 agus €337,000) a bheadh ar an rud céanna ag Staid Wembley. Níl sé sin trí oiread.

Agus ag labhairt dó le News At One de chuid RTÉ, dúirt McKenna: ‘Is í an fhíorcheist anseo ná costas slándála. Rud a bhraitheamar gur cheart don tionscnóir a iompar.

‘Tar éis dul tríd seo leis na seirbhísí reachtúla agus lenár bhfoireann féin, d’fhéachamar ar an anailís riosca a bhain leis an imeacht agus bhraitheamar go mbeadh an méid slándála a bheadh uait anseo ag an leibhéal is airde.

‘Níl sé sin saor. Is dóigh liom b’fhéidir go bhfuil imní ann nach bhfaigheadh siad an tinreamh go hiomlán agus freisin an costas a bhaineann le imeacht mar seo a chur ar fáil, ar chaighdeán áirithe a mbeimis an-bhródúil as… tá sé ina chúis le beagán “jitters”.

katie

Chomh maith le sin mar gheall nach mbeidh ach 9,000 lucht leanúna ar an 3Arena beidh costas na ticéid níos airde.

Nuair a bhí Katie agus Serrano ag troid i Madison Square Garden i mí Aibreáin seo caite bhí tinreamh díolta amach de 19,187 agus meánphraghas an ticéid thart ar €70.

Is dócha go mbeidh meánphraghas na dticéad don seó ar an 20 Bealtaine ar a laghad dhá oiread an fhigiúr sin.

Beidh díomá searbh ar daoine nach mbeidh an seó os comhair 80,000 ag dul ar aghaidh i bPáirc an Chrócaigh.

Beidh an troid féin fós ina ócáid stairiúil don dornálaíocht ghairmiúil in Éirinn mar gurb é seo an chéad uair ag Taylor troid ar thalamh na hÉireann mar ghairmí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram