Mearbhall i bhFine Gael faoi liosta naonúr ag ‘éirí as’, ach Gaeilgeoirí ag teacht chun cinn

Cé go bhfuil mearbhall i bhFine Gael faoi líomhaintí nach mbeidh naonúr Teachta Dálaag seasamh sa chéad Olltoghchán eile, tá Gaeilgeoirí ag teacht chun cinn.

Dúirt MEP de chuid Fine Gael Seán Kelly le hAdhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta go seasfaidh sé do Pharlaimint na hEorpa i dtoghchán na bliana seo chugainn, agus dúirt an Seanadóir Barry Ward ó Dhún Laoghaire le Blas na Cathrach ar Raidió na Life 106.4fm go seasfaidh sé don Dáil ag an chéad Olltoghchán eile.

barry warde
Seanadóir Barry Ward

Ach hbí an t-iar-aire Paul Kehoe ‘ar buile’ go raibh sé ar an liosta naonúr at ag eirí as. Agus, ag cruinniú de chuid an pháirtí parlaiminte Dé Céadaoin, chuir sé an milleán ar TD agus seanadóir de chuid Fhine Gael, daoine nár ainmnigh sé iad, as an scéal a scaipeadh. Dúirt an tUasal Kehoe go raibh liosta ‘solas tráchta’ ag TD an pháirtí: cinnte (glas), neamhchinnte (ómra) agus gan a bheith ag seasamh (dearg). Dúirt sé go raibh sé féin glas agus go seasfadh sé.

sean kelly thumbnail
Seán Kelly MEP

Is iad na hainmneacha atá ar an liosta ná: iar-aire oideachais agus aire sóisearach na Gaeltachta Joe McHugh; iar-aire sóisearach spóirt Brendan Griffin, Bernard Durkan, Michael Creed, Fergus O’Dowd, Iar-Aire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan, John Paul Phelan, Frank Feighan, agus an tUasal Kehoe. Mar sin féin, chuir tuairisc i nuachtán an Examiner an deichiú hainm, David Stanton TD do Chorcaigh Thoir.

Brendan Griffin 768x448 1
Brendan Griffin

Tá sé ráite ag beirt acu sin nach mbeidh siad ag seasamh. Sin iad Brendan Griffin agus JoeMcHugh. Ach dúirt beirt eile go mbeidh. Sin iad Kehoe agus an tUasal Feighan, a cuireadh as a phost mar aire sláinte sóisearach i mí na Nollag. Dúirt an tUasal Durkan nach bhfuil cinne déanta aige go foil.

paul kehoe thumbnail
Paul Kehoe

Tá aois scoir sroichte ag daoine eile agus b’fhéidir go mbraitheann siad go bhfuil sé in am dóibh dul ar scor. Nó b’fhéidir go bhfuil tuairimí ag iriseoirí áirithe gur chóir dóibh dul. Ach ar ndóigh ní chóir glacadh le aoiseachas (ageism) agus b’fhéidir go bhfuil fonn agus fuinneamh fós acu seasamh le haghaidh suíochán sa Dáil arís.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram