Cúiteamh do tháillí tithe altranais ‘inevitable’, a deir Teachtaí Dála an Rialtais

03/02/2023

Tá sé ‘dosheachanta’ (inevitable) go mbeidh ar an Rialtas cúiteamh a íoc thar tháillí tithe cúraim ‘mídhleathach’, dar le TDeanna agus Seanadóirí an chomhrialtais.

Tá sé ráite ag baill Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais go gcreideann siad gurb é cúiteamh an t-aon bhealach le deireadh a chur leis an gconspóid, dar leis an Irish Daily Mail.

Deir siad go mbaineann an rud céanna le cinneadh íocaíochtaí míchumais do 12,000 duine a bhaint.

Tá míshuaimhneas méadaitheach i measc na cúlbhinseoirí faoi fhreagra an Rialtais ar an nochtadh go bhfuil teaicticí dlí á n-úsáid i gcoinne na ndaoine is leochailí (vulnerable) sa tsochaí.

Tá faitíos ar cúlbhinseoirí go bhféadfadh an conspóid damáiste a dhéanamh dóibh sa céad olltoghchán eile, nó go bhféadfadh sé toghchán a spreagadh fiú.

Dúirt TD amháin de chuid Fhianna Fáil leis an Mail go bhfuil roinnt comhghleacaithe tar éis a rá leis ‘póstaeir toghcháin a ordú’, agus dúirt sé go bhfuil gá deireadh a chur leis an chonspóid.

Leo Nursing Home 768x448 1
Leo Varadkar

Ag labhairt dó ag cruinniú páirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, labhair an Taoiseach faoi cheist na n-íocaíochtaí míchumais agus dúir sé go déanfaidh sé ‘pé rud atá riachtanach de réir an dlí agus atá cóir go morálta’.

Maidir leis an gconspóid maidir le teach altranais, a nocht an Irish Mail on Sunday, áfach, dúirt Leo Varadkar go raibh sé ‘dóchasach fós gur ghníomhaigh an Rialtas go dleathach chun an cáiníocóir agus an buiséad do sheirbhísí riachtanacha sláinte a chosaint’.

Beidh ar an Rialtas anois iad féin a chosaint faoin chaoi ar láimhseáil siad an chonspóid le roinnt seachtainí anuas, agus ráitis Dála socraithe don tseachtain seo chugainn agus coistí Oireachtais Sláinte agus Cuntas Poiblí ag scrúdú na ceiste sna seachtainí ina dhiaidh sin.

Dúirt foinse amháin de chuid Fhine Gael leis an Mail go gcaithfidh ‘cúiteamh de shaghas éigin a bheith ann’ agus cheistigh siad an chaoi ar láimhseáil an Taoiseach an cás.

Dúirt siad: ‘Tá cuid acu i gcumhacht rófhada, ní thuigeann siad cad é atá amuigh ansin.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram