Inniu Lá Fhéile Bríde, lá ceiliúradh na mban

Lá tábhachtach i gcónaí a bhí sa lá atá inniu ann i stair na hÉireann, Lá Fhéile Bríde. Is lá ceiliúradh na mBan é den chuid is mó, ach is lá é freisin a rinne Críostaithe Éireannacha ceiliúradh ar a n-oidhreacht phágánach.

Cosúil leis na toibreacha naofa (holy wells) agus Oíche Shamhna (Halloween), ba cheiliúradh págánach é Lá Fhéile Bríde a d’fhulaing na sagairt, ach is minic a cháineadh é.

Agus tá lá saoire bainc againn anois, Dé Luain seo chugainn – chun Lá Fhéile Bríde, nó tús an earraigh, nó Imbolc – a cheiliúradh tar éis do Imelda May an moladh a dhéanamh.

Beltane Fire Festival 13 1068x623 1
Féile págánach na Bealtaine á ceiliúradh Pic: Roberto Ricciuti/Getty Images)

Nuair a dúirt an Rialtas go mbeadh lá saoire bainc breise ann in ómós d’oibrithe túslíne le linn Covid, chuir Imelda May tweet amach:

‘Make Brigids Day a national day in Ireland! Matron Saint of Ireland. Who’s with me?’
Agus sin mar a tharla.

Go deimhin is seanainm Ceilteach é Bríd. Ba Bhandia Cheilteach í, duine de na Tuatha Dé Danann, ar thug na Ceiltigh ómós di mar gheall ar a neart agus a cumhacht athnuachana ar fhéile Imbolc, an chéad lá d’Fheabhra, an chéad lá den Earrach, nuair a athnuachann an talamh.

Le sin beidh ceiliúradh ar fud na tíre, agus mar shampla tá sraith nua cláir ag tosnú anocht ar Raidió na Life 106.4fm, sé sin  Ceiliúradh na mBan.

ImeldaMay feat
Imelda May

Beidh ocht eagráin ann in iomlán, ar siúl ar oíche Dé Céadaoin ag 7.3ppm, agus gach ceann dírithe ar gné ar leith don saol, agus ar mná áirithe a bhaineann leo.

Siad sin litríocht, polaitíocht, spóirt, scannánaíocht, filíocht, na meáin, ceol agus eolaíocht.

 Insítear scéalta spleodrach faoi mná Éireannach sa stair a rinne éacht ar leith agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna, sa lá atá inniu ann.

 I measc na rannpháirtithe ón lá atá inniu ann tá Celia de Fréine, Máire Ní Bhraonáin, Siún Ní Dhuinn, Caitlín Ní Chasaide agus Deirdre Donnelly.

stbridget830
Pic: CM Dixon/Heritage Images/Getty Images)

Agus I measc na mná a rinne éacht mór sa stair tá Lena Rice, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois.

Anocht is an litríocht atá faoi bhun, leis an scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin.

Agus beidh siad ag plé an scrobhóir Maria Edgeworth a scríobh Castle Rackrent agus a lán eile.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram