Tá an FBI ag cuardach teach an Uachtaráin Joe Biden i Delaware, ‘gan réamhfhógra poiblí’.
Tá sé seo mar chuid d’imscrúdú ar dhoiciméid rangaithe, a deir a dhlíodóir.
Thuairiscigh CBS go mbaineann an t-imscrúdú le fiosrú níos leithne ar láimhseáil doiciméad rúnaicmithe (classified).
Níl aon tráchtaireacht déanta ag an FBI ar an gcuardach. Ach bhí thugadh cead dóibh mar sin níor lorgaíodh aon bharántas cuardaigh (search warrant).
Dúirt dlíodóir an Uasail Biden, Bob Bauer, go ndearnadh an cuardach ‘gan fógra poiblí roimh ré’ ar mhaithe le ‘slándáil agus sláine oibriúcháin’.
Is é seo an cuardach is déanaí i sraith a rinneadh in áiteanna éagsúla, tar éis teacht ar dhoiciméid rúnaicmithe ag Ionad Penn Biden, oifige i Washington DC, i mí na Samhna. Ní raibh an eolas seo ar fáil don phobal ag an am.
Thángthas ar dhoiciméid bhreise ag ceann eile de thithe an Uasail Biden i Wilmington, Delaware, i gcuardach a rinneadh ina dhiaidh sin i mí na Nollag agus mí Eanáir.
Níl sé soiléir fós cé méid doiciméid a bhí ann, cé gur thángthas ar dhosaen ar a laghad le linn cuardaigh Eanáir amháin.
Dúirt an tUasal Biden go ndearna a fhoireann ‘na rudaí ba cheart dóibh a dhéanamh’ trí oifigigh a chur ar an eolas láithreach, agus go bhfuil siad ‘ag comhoibriú go hiomlán’ leis an imscrúdú.
Tar éis an chéad chuardaigh i mí Eanáir, dúirt an tUasal Biden le tuairisceoirí go raibh na comhaid i ngaráiste faoi ghlas.
‘Ní riabh siad ina suí ar an tsráid,’ a dúirt sé.
Tar éis don na doiciméid a aimsiú i mí na Samhna, thug aturnaetha don Uasal Biden fógra láithreach d’oifig abhcóide an Teach Bán ar an 2 Samhain. Tugadh na comhaid don Chartlann Náisiúnta an lá dár gcionn.
Cuireadh oifigigh na Roinne Dlí agus Cirt ar an eolas fuatha dhiaidh sin.
Tá an tUachtarán Donald Trump agus an t-iar-Leas-Uachtarán Mike Pence faoi chonspóid freisin maidir le láimhseáil doiciméad rúnaicmithe.
I gcás an Uasail Pence, thángthas ar ‘líon beag doiciméad ar a raibh marcálacha rúnaicmithe’ ina theach cónaithe i Carmel, Indiana, de réir litir a sheol a dhlíodóir chuig an gCartlann Náisiúnta.
D’aisghabh an FBI na doiciméid ó thaisce ag an réadmhaoin an 19 Eanáir, agus seachadadh dhá bhosca eile chuig an gCartlann an 23 Eanáir.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.