ANOCHT! ‘Star-studded’ ceiliúradh ar réaltaí Oscar agus BAFTA ar an Late Late Show

27/01/2023

Bhí an chaint ar fad ar feadh na seachtaine, faoin liosta is mó d’ainmniúcháin Oscar riamh do scannáin agus do lucht scannán na hÉireann.

Agus críochnóidh Ryan Tubridy an tseachtain Dé hAoine ar The Late Late Show le clár speisialta ar na réaltaí ainmnithe as Éirinn.

cailin1 768x448 1
An Cailínm Ciúin

In ómós Oscar na hÉireann beidh Daryl McCormack, atá ainmnithe le haghaidh BAFTA, in éineacht leis.

Is ceiliúra é mar gur tháinig Éire chun suntais i Hollywood an tseachtain seo le 14 ainmniúchán Oscar, naoi gcinn do The Banshees of Iniserin.

Fuair na haisteoirí Éireannacha Paul Mescal, Colin Farrell, Brendan Gleeson, Barry Keoghan agus Kerry Condon a gcéad ainmniúcháin do Ghradam Acadaimh.

Tá Mescal ainmnithe don Aisteoir is Fearr don scannán neamhspleách Aftersun in éineacht le Farrell do Banshees , agus tá Gleeson, Keoghan agus Condon ainmnithe as a rólanna tacaíochta i ngreannán dorcha Martin McDonagh.

Labhróidh an scríbhneoir agus stiúrthóir Colm Bairéad agus an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, a rinne an scannán iontach An Cailín Ciún, le Ryan Tubridy faoi conas a chuir siad an chéad phríomhscannán Gaeilge a ainmníodh d’Oscar ar fáil.

paul mescal 1 768x448 1
Paul Mescal

Tá breis agus €1 milliún íoctha as ticéid in Éirinn agus sa Bhreatain don scannán a bhí déanta ar bhuiséad beag, chomh maith le dhá ainmniúchán BAFTA a fháil.

Beidh Daryl McCormack, an aisteoir mór le rá as Bad Sisters agus Peaky Blinders, ar an Late Late Show freisin chun comhrá a dhéanamh faoina ainmniúchán dúbailte de BAFTA dá ról in Good Luck to You, Leo Grande.

Tá ról ag an aisteoir as Tiobraid Árann mar ‘escort’ a dhéanann cairdeas le baintreach,. Le Emma Thompsons an ról sin.

Ryan Tubridy The Late Late Show
Ryan Tubridy ar The Late Late Show

Murar leor sin do lucht leanúna na scannán, rachaidh Miriam Margolyes ó Harry Potter in éineacht leis an Seanadóir Lynn Ruane chun míniú a thabhairt ar an gcaoi ar chaith siad saoire samhraidh le chéile i veain champála, an grá atá acu d’Oileáin Árann agus an clár faisnéise atá acu faoi Lady Gregory.

Tar éis dó dul i ngleic le saol an Formula 1, beidh an fear grinn Conor Moore (nó Conor’s Sketches) ar ais ar an seó le roinnt tuairimí grinn ar laochra spóirt na hÉireann.

Beidh Karina Molloy le feiceáil freisin chun labhairt faoina heispéiris ar ionsaí gnéis agus bulaíocht tar éis di bheith ar cheann de na chéad mhná le dul isteach in Óglaigh na hÉireann.

Ag tabhairt an cheoil go stiúideo RTÉ tá Aby Coulibaly lena singil nua agus beidh Derek Ryan agus Emma Langford ag canadh le chéile.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram