B’éigean d’Ardmhéara Bhaile Átha Cliath rabhadh a thabhairt dá hiníon agus dá fear céile gan teacht abhaile le agóid frith-inimirce ag an Mansion House.
Ghlaoigh Méara Caroline Conroy ar na gardaí freisin agus eagla uirthi as a sábháilteacht.
Déanfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath athbhreithniú anois ar shlándáil ag áit chónaithe an Ardmhéara, tar éis di imní a chur in iúl faoina sábháilteacht le linn an léirsiú Dé Sathairn seo caite.
Dúirt sí le cruinniú de choiste prótacail na comhairle gur bhraith sí ‘a bit exposed’ agus faoi na ‘hóráidí fuatha’ (hate speiches) a raibh sí ‘beagán neirbhíseach’ faoi.
Thug cathaoirleach an choiste, an Comhairleoir Deirdre Heney, foláireamh freisin go raibh lucht agóide frith-inimirce bailithe le chéile lasmuigh de theach teaghlaigh an chomhairleora Neamhspleách Vincent Jackson i mBaile Formaid (Ballyfermot), mar go raibh sé de mhisneach aige seasamh suas ar son na teifigh.
Dúirt Méara Conroy, atá mar chuid den Chomhaontais Ghlais, gur bhraith sí go raibh gá le glaoch ar ghardaí nuair a bhog grúpa mór de lucht agóide ó Óstán an Shelbourne go dtí taobh amuigh d’áit chónaithe an Ardmhéara.
Bhí siad i mbun feachtais in aghaidh dídeanaithe in áiteanna éagsúla sa chathair.
Dúirt an Méara leis an gcomhairle go raibh sí ‘an-míchompordach’ tar éis na ‘hóráidí fuatha’ a cloisteáil.
Dúirt sí gur ghlaoigh sí ar a fear céile agus a hiníon, nach raibh sa bhaile ag an am, chun a rá leo gan teacht ar ais go Teach an Ard-Mhéara.
‘Braithim beagán “exposed” faoi láthair le gach a bhfuil ar siúl,’ a dúirt sí le cruinniú prótacail na comhairle.
Dúirt sí raibh sí ‘beagán imníoch’ faoina slándáil agus dúirt sí go bhfáiltíonn sí roimh aon chomhairle agus cabhair.
Mhol sí freisin gach ball de Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath as seasamh suas do dhídeanaithe ‘ag am chomh luaineach (volatile) mar seo’.
Dúirt an Comhairleoir Heney gur ábhar buartha é an rud a thárla don Ardmhéara.
Dúirt Ms Heney: ‘Níl sé maith go leor go bhfuil an Chéad Saoránach dár gcathair míchompordach ina teach féin. Tá sé go hiomlán as ord go ndéanfaí tú a mhothú mar sin.'
‘Is rud é nár cheart d’ionadaí poiblí ar bith a chur faoi agus caithfimid a chinntiú go bhfuil tacaíochtaí ann do chásanna mar sin,’ a dúirt sí.
D’éiligh a comhghleacaí de chuid Fhianna Fáil, Racheal Batten, ar ‘zero tolerance’ faoi an fuath.
Dúirt oifigigh na Comhairle go ndéanfaí measúnú iomlán ar na riosca le Theach an Ard-Mhéara mar thoradh ar thuairimí Ms Conroy.
Chuir siad in iúl go raibh ‘go mór’ infheistiú ag an údarás áitiúil i mbearta slándála breise nuair a bhí comhairleoir Glas eile, Hazel Chu, ina Ardmhéara.
Chualathas ag an gcruinniú go raibh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag féachaint freisin ar oiliúint a chur ar fáil do chomhaltaí tofa maidir lena sábháilteacht phearsanta.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.