An t-ardú praghais is déanaí: Bille VHI chomh mór le €250 níos daoire

Beidh ar níos mó ná milliún custaiméir an VHI íoc breise as a n-árachas sláinte – suas go dtí €250 gach bliain tar éis ardú praghas.

Is é VHI an t-árachóir sláinte (health insurer) is mó sa Stát agus meastar go gcuirfidh Laya Heallthcare, an ceann atá sa dara háit, a chuid praghsanna freisin.

Ta sé seo ag tárlú nuair a bheidh ar theaghlaigh a bhfuil morgáiste acu le Banc na hÉireann €100 sa bhreis a íoc in aghaidh na míosa, ar an meán.

home Couple Bill 3 1

Dúirt VHI go mbeadh an meánmhéadú 4.8% ar phleananna árachas sláinte. Dúirt siad go raibh sé mar gheall ar éileamh méadaithe ar chúram sláinte agus costais ardaithe.

Cuirfidh an t-ardú praghais tuilleadh brú ar theaghlaigh atá ag déileáil le harduithe ar chostais mhaireachtála cheana féin.

Chuir Irish Life ardú meánmhéadú 5% i bhfeidhm cheana féin.

Mheas an bróicéir árachas sláinte Dermot Goode, ag TotalHealthCover.ie, go bhféadfadh na harduithe praghais idir €60 agus €250 a chur le costas árachas sláinte príobháideach do ghnáth-theaghlach de cheathrar.

patienthealth insurance getty 3

Dúirt sé go mbeidh ar bheirt daoine fásta ar Health Plus Extra, nó ar an sean Plan B Options, €267 sa bhreis a íoc sa bhliain má fhanann siad ar an bplean sin.

Dúirt sé cé go bhfuil an meánmhéadú ar 4.8%, go bhféadfadh go mbeadh ar roinnt custaiméirí arduithe níos airde a íoc ar a gcuid pleananna, leis na harduithe sa raon ó 0.5% suas go dtí níos mó ná 6%.

‘Tá an t-ardú praghais riachtanach lena chinntiú gur féidir le VHI leanúint de bheith ag freastal ar na costais a bhaineann le cúram sláinte a sholáthar dá chustaiméirí in 2023 agus ina dhiaidh sin,’ a dúirt an chuideachta i ráiteas.

 ‘Tá an costas a bhaineann le freastal ar riachtanais chúraim shláinte na gcustaiméirí méadaithe go suntasach le 12 mhí anuas, de réir mar a thagann éileamh ar sheirbhísí cúram sláinte ar ais chuig na leibhéil réamhphaindéimeach.

‘Léiríonn an treocht seo freisin éileamh méadaithe ar sheirbhísí cúram sláinte.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram