Teannas ar an Tee: Anois deir Reed go bhfuil Rory McIlory ina ‘immature little child’

Thug Patrick Reed ‘leanbh beag neamhaibí’ (immature little child) ar ghalfadóir mór na hÉireann Rory McIlroy, agus tá an ‘tee’ teannas eatarthu ag dul in olcas.

Thosaigh an t-aighneas nuair a chaith an Meiriceánach ‘tee’ ag an t-imreoir gailf is fearr ar domhan i Dubai, mar go raibh an chuma ar McIlroy neamhaird a dhéanamh air.

Ach níor chuir tráchtaireacht Reed is teach ar McIlroy, agus rinne sé magadh: ‘Dá ndéanfaí róil a aisiompú agus dá mbeadh mise tar éis an tee sin a chaitheamh air, bheinn ag súil le cás dlí uaidh.’

mcilroy2

Ba thagairt é sin don chaingean dlí atá á ghlacadh ag Reed tar éis a chinneadh dul isteach sa tsraith Gailf LIV, atá maoinithe ag na hAraibe Sádaí, a bhfuil galfairí cosúil le McIlroy ag diúltú a thacú.

Tá Reed, iar-sheaimpín na Máistrí, ar cheann de 13 imreoir atá ag tógáil cás cúirte i gcoinne an DP World Tour, a thug smachtbhannaí ina gcoinne as imirt sa chéad imeacht LIV i mí an Mheithimh seo caite. Sheol sé freisin cás dlí clúmhillte (defamation) i gcoinne roinnt ball meán agus eagraíochtaí.

Tá an dlíodóir a rinne ionadaíocht ar son Reed sa chás sin agu cuir brú ar McIlroy agus Tiger Woods teacht chuig an chúirt freisin mar gheall ar chruinniú imreoirí a tionóladh i mí Lúnasa seo caite.

Tharla an eachtra leis an tee nuair a bhí McIlroy agus Reed  ag ullmhú do thús an Hero Dubai Desert Classic. Chuaigh Reed go dtí Harry Diamond, caddy McIlroy, agus chroith lámha leis.

1 117
Rory McIlroy

Chuaigh sé ansin go McIlroy a bhí ag staidéar ‘shot’ agus sheas sé in aice leis, ach níor chas McIlroy a cheann i dtreo Reed.

Chuir sé sin isteach go mór ar Reed agus shiúil sé uaidh. Ansin chuir sé a lámh ina phóca agus chaith sé an tee i dtreo McIlroy faoi náire.

In agallamh le Golf Monthly, dúirt Reed go raibh an cairdeas idir an bheirt acu ‘go maith’ go dtí gur chuaigh sé isteach i LIV.

Dúirt sé ‘Tá a fhios againn go léir cad as a tháinig sé seo, mar is chuid de LIV mé. Ós rud é gur tee de chuid Team Aces LIV a bhí agam, chaith mé ceann air.’

Dúirt sé: ‘Chonaic sé mé agus chinn sé gan freagairt. Ach sin mar atá. Má tá tú chun gníomhú mar leanbh beag neamhaibí, b’fhéidir go gcaithfí leat mar leanbh.’

Bhí McIlroy socair ina fhreagra. Dúirt sé: ‘Bhí mé gnóthach ag obair agus ag déanamh mo chleachta, agus níor mhothaigh mé i ndáiríre go raibh gá aitheantas a thabhairt dó.

‘Mar sin ní fhaca mé tee ag teacht mo threo ar chor ar bith, ach de réir dealraimh, sin a tharla.’

Rinne sé magadh: ‘Dá ndéanfaí róil a aisiompú agus dá mbeadh mise tar éis an tee sin a chaitheamh air, bheinn ag súil le cás dlí uaidh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram