Cé hí Erica Stoll, an bhean a bhfuil Rory McIlroy ag iarraidh colscaradh (divorce) a fháil uaithi?

18/05/2024

Tá McIlroy agus Erica Stoll pósta le seacht mbliana agus tá leanbh amháin acu, iníon atá trí bliana d’aois

Tá colscaradh ((divorce) á lorg ag Rory McIlroy óna bhean chéile Erica Stoll tar éis seacht mbliana pósta.

Tá iníon ag McIlroy agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020.

mcillroy feat 2
Is as Irondequoit, Nua Eabhrac, Erica Stoll, atá 36 bliain d’aois. Bhí sí ina imreoir leadóige sa scoil ach aistrigh go galf níos déanaí

Bhuail an réalta ghailf le bean Mheiriceánach Stoll ar dtús ag Corn Ryder 2012, áit a raibh sí ag obair mar oifigeach iompair PGA.

Tar éis dóibh lámh is focal a thabhairt dá chéile (got engaged) i bPáras i 2015, phós an bheirt ag searmanas iontach i gCaisleán Cheapach Corcóige (Ashford Castle) i gContae Mhaigh Eo i 2017.

Chuir ionadaithe McIlroy na doiciméid ag lorg colscartha isteach i Florida Dé Luain seo caite.

Dúirt siad go bhfuil McIllroy, atá 35 bliain d’aois, ag iarraidh a chinntiú go bhfuil ‘an tréimhse dheacair seo chomh cairdiúil agus is féidir’ é a bheith.

Dúirt siad freisin nach mbeidh aon trácht eile á dhéanamh aige cé gurbh fhéidir go gcuirfí ceist air le linn a dhara craobhchomórtas mór na bliana an deireadh seachtaine seo, ag Craobh PGA i Valhalla.

Roimhe seo bhí McIlroy, arb as Holywood i gContae an Dúin dó, geallta (engaged) leis an iar-réalta dhomhanda leadóige (tennis) Caroline Wozniaki, sular tháinig deireadh lena rannpháirtíocht i 2014.

Ba í an bhliain dár gcionn a thosaigh sé féin agus Stoll ag dul amach le chéile.

Bhí sí le McIlroy agus Foireann na hEorpa ag Corn Ryder san Iodáil anuraidh.

Tá iníon ag McIlroy agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020.
Tá iníon ag McIlroy agus Stoll, Poppy Kennedy McIlroy, a rugadh i Florida ar 31 Lúnasa 2020

Mar sin féin, bhí sí as láthair ón taobhlíne ag na Máistrí in Augusta an mhí seo caite.

Is as Irondequoit, Nua Eabhrac, Erica Stoll, atá 36 bliain d’aois. Bhí sí ina imreoir leadóige sa scoil ach aistrigh go galf níos déanaí.

Tá céim aici i margaíocht ó Rochester Institute of Technology.

Tar éis an choláiste, fuair Stoll post le PGA Mheiriceá. Is breá léi dul ag seoltóireacht (sailing) agus is breá léi bácáil (baking).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram