Is dócha go mbeidh  athimirt ar cluiche ceannais Chraobh Clubanna na hÉireann idir Crokes agus Glen

Is dócha go mbeidh  athimirt ar cluiche ceannais Chraobh Clubanna na hÉireann, tar éis do Watty Graham as an nGleann (Glen) i gCo Dhoire agóid a eisiúint tar éis bua Chill Mochuda na gCrócaigh (Kilmacud Crokes).

Rinne siad achomharc leis on Lárchoiste Smachta na gComórtas (an CCCC) i gCumann Lúthchleas Gael  (CLG) i gcoinne bua Chill Mochuda na gCrócaigh (Kilmacud Crokes).

Bhí fearg ann i ndiaidh chluiche ceannais an Domhnaigh seo caite tar éis dó teacht chun solais go raibh 17 fear ag na Crócaigh ar pháirc na himeartha i nóiméid dheireanacha an chluiche.

Coróiníodh na Crócaigh go hoifigiúil mar bhuaiteoirí tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh  An Ghleann i bPáirc an Chrócaigh, ach tháinig an bua i gcúinsí conspóideacha, tar éis dó teacht chun solais go raibh beirt imreoirí breise acu ar pháirc na himeartha ar feadh tréimhse ghairid gar do dheireadh an chluiche.

Bhí dhá phointe chun cinn acu ag tús am gortaithe agus  An Ghleann ag iarraidh cúl a fháil san am breise. Fuair siad seans le 45.

crokes2

Léirigh pictiúir ón taobh thiar de an cúl ag taobh Hill 16 go raibh 16 imreoir ag cosaint na gCrócaigh ag an am sin, tar éis dóibh ionadaithe a dhéanamh gan an líon ceart imreoirí a bhaint amach.

Chuaigh an cheist in olcas nuair a tháinig sé chun solais go raibh Paul Mannion, a bhí tógtha as an páírc as, fós ina sheasamh ar an bpáirc freisin.

Tháinig cáineadh trom ar an CLG i ndiaidh na heachtra, le neart ag éileamh go n-ordófaí athimirt.

Thuar Joe Brolly  gurb é an toradh is dóichí ná athimirt mar ní bheidh an CLG ag iarraidh fasach (precedent) contúirteach a shocrú.

‘Ní fhéadfadh na cúinsí a bheith níos tábhachtaí. Níorbh imreoir é seo a chuaigh ar seachrán, gan cur isteach ar an imirt,’ a dúirt sé.

‘Ní bheidh CLG ag iarraidh fasach a shocrú a spreagfaidh na foirne imreoirí breise a chur ar an páirc  ag an deireadh chun cluiche ceannais a chosaint.

‘Is é an toradh is dócha a bheidh ar seo ná athimirt.’

Bhí go dtí 3.30pm inniu (Dé Céadaoin) ag Glen leis an achomharc a chur isteach go foirmiúil agus tá sé deimhnithe ag an gclub go bhfuil achomharc curtha isteach.

Má aontaíonn Páirc an Chrócaigh go raibh riail briste, is dócha go mbeidh athimirt ann.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram