Beidh fáilte ar ais roimh fhear a thiomáin a Jag tríd fhuinneog siopa. ‘Ach ní ar an mbealach céanna, is dócha,’ a deir breitheamh

Dúradh le fostaí bainc, a thiomáin a Jaguar trí fuinneog a ollmhargadh áitiúil, agus é ar meisce, go raibh fáilte aig ar ais aon am, dúradh le cúirt.

D’fhreagair an breitheamh: ‘Is dócha nach tiocfaidh sé ar ais an chaoi céanna is a tháinig sé an lá sin.’

Bhí John Fanning trí huaire os cionn an teorainn dhlíthiúil maidir le halcól nuair a bhuail sé trí fhuinneog an tsiopa, trí thimpiste, agus rinne sé damáiste de luach €30,000.

Léirigh píosaí scannáin CCTV Fanning, atá 48 bliain d’aois, ag iarraidh a Jaguar dubh a pháirceáil roimh é a thiomáint tríd an fhuinneog agus isteach san ollmhargadh, ag bualadh seastán torthaí agus glasraí.

Gearradh fíneáil €2,000 air agus dícháilíodh é ó thiomáint ar feadh trí bliana.

Court 1 960x560 1
focus on hammer, group of files on judge table covered with dust – concept of pending old cases or work at judicial court.

Phléadáil Fanning, as Bóthar Shenick, Na Sceirí, Contae Bhaile Átha Cliath, ciontach i dtiomáint chontúirteach agus as tiomáint ar meisce ag Ollmhargadh C&T, Na Sceirí, go gairid tar éis 1pm ar an 17 Meán Fómhair 2019. Níl aon chiontuithe aige roimhe seo.

Chuala Cúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath go raibh ball de Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath sa siopa agus d’fhiafraigh sé den tiománaí an raibh sé ceart go leor.

Dúirt an fear le na gardaí go bhfuair sé boladh láidir alcóil ón tiománaí, agus go raibh a shúile sreangach (bloodshot). Dúirt Fanning go ndeachaigh a chos i bhfostú ar luasaire (accelerator) an chairr.

D’admhaigh Fanning go raibh sé ag ól ach dúirt sé nár ól sé ró-mhéid.

crashshopcrash
An Jag sa siopa tar éis na timpiste

Chuir na póilíní faoi thástáil anáileadáin (breathalysed) é agus fuarthas amach go raibh 72 mhicreagram (mcg) alcóil in aghaidh an 100ml anála aige. Is é an teorainn dhlíthiúil le tiomáint ná 22mcg/100ml, rud a chiallaíonn go raibh sé trí huaire an teorainn dhlíthiúil.

Dúirt úinéir an tsiopa le gardaí go raibh air dúnadh ar feadh an lae agus dul i gcomhairle le hinnealtóir struchtúrach.

Dúirt an Garda McElroy gur thart ar €30,000 san iomlán a chosain deisiúcháin an tsiopa, ach d’aontaigh sé leis an abhcóide cosanta go raibh úinéir an tsiopa cúitithe go hiomlán trí árachas.

Dúirt an t-abhcóide do Fanning go raibh a chliant tinn le linn na n-imeachtaí seo agus gur ghlac sé branda chun a bholg a réiteach. Dúirt sé nach raibh sé seo ag obair, agus go raibh Fanning ar a bhealach chuig an poitigéir (chemist) le haghaidh leighis thar an gcuntar nuair a tharla an timpiste.

Chuala an chúirt go raibh aithne mhaith ar Fanning mar chustaiméir sa siopa agus go raibh fáilte roimhe filleadh.

‘Is dócha nach tiocfaidh sé ar ais an chaoi céanna is a tháinig sé an lá sin,’ a dúirt an Breitheamh Martin Nolan.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram