Tá roinnt billiúnaithe Éireannacha ‘all fur coat and no knickers’, a dúirt Leo Varadkar leis an Dáil ag caint faoi cánach ar daoine saibhir.
Bhí sé ag freagairt do ghlaonna ar cháin rachmais nua ar dhaoine an-saibhir.
Fuarthas amach i dtuarascáil Oxfam a foilsíodh ag an am céanna leis an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (World Economic Forum) i Davos, go bhfuil an ceathrú cuid de shaibhreas na tíre seo ag an 1% daoine is saibhre i sochaí na hÉireann anois.
Mar sin féin, tá an Taoiseach tar éis cruinneas na tuarascála sin a cheistiú anois.
Labhair sé mar fhreagra ar ghlaonna ó Teachta Dála de chuid Pobal Roimh Brabús-Solidarity, Richard Boyd Barrett, ar ‘cáin rachmais a thabhairt isteach chun an oiread sin saibhreas ollmhór a roinnt’.
Dúirt an tUasal Varadkar leis an Dáil: ‘Tá a fhios againn go léir ó thaithí san am a chuaigh thart go bhfuil roinnt daoine atá ina mbilliúnaithe ar pháipéar, nó gur ceaptar gur billiúnaithe iad, ach i ndáiríre tá siad “all fur coat and no knickers”.’
Duairt sé go bhfuil go leor sócmhainní acu ar pháipéar ach go bhfuil go leor fiacha agus dliteanais (debts and liabilities) acu freisin, agus nach bhfuil mórán saibhreas acu i ndairíre.
Agus é i gceannas ar an gcéad seisiún Ceisteanna na gCeannairí (Leaders’ Questions) den téarma Dála, ó tháinig sé ar ais in oifig an Taoisigh, b’éigean don Uasal Varadkar inné an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe a chosaint, chomh maith leis an iar-aire Damien English, a d’éirigh as mar aire sóisearach an tseachtain seo caite.
Dúirt an tUasal Varadkar go raibh a Rialtas tiomanta do thrédhearcacht (transparency).
Dúirt sé freisin go n-aistreofaí freagracht as aon reachtaíocht nua eitice, agus as an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Standards In Public Office Commission, SIPO) ón Aire Donohoe go dtí an tAire Airgeadais Michael McGrath.
Tá sé seo tar éis don Uasal Donohoe éirí as na dualgais sin, faoi bhrú mar gheall ar shíntiúis olltoghcháin nár dhearbhaigh sé.
Chuir uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald, áfach, i leith Comh-Aireachta an Uasail Varadkar go raibh ‘scannal’ uirthi, agus dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, go n-ardaíonn na saincheisteanna a bhí roimh an Uasal English agus an tUasal Donohoe ‘ceisteanna bunúsacha faoi na caighdeáin sa saol poiblí’.
D’fhreagair an tUasal Varadkar go raibh sé de dhualgas ar SIPO breithiúnas a thabhairt mar chuid d’athbhreithniú atá á dhéanamh aige, ‘féachaint ar an bhfaisnéis go neamhspleách’.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.