Tá gach duine sa Premier League sacar ag caint faoi Riail Ronaldo agus conas atá ag éirí go maith le Manchester United leis.
Tá Manchester United ag baint úsáide as Riail Ronaldo chun tosaigh ar roinnt idirbheartaíochta tábhachtacha (important negotiations) le himreoirí, an ceann is tábhachtaí acu maidir le conradh Marcus Rashford.
Tá roinnt cinntí le déanamh sna míonna amach romhainn ag an mbainisteoir Erik Ten Hag agus ag ceannairí an chlub faoi thodhchaí roinnt d’imreoirí fadbhunaithe an chlub.
Ach cad go díreach atá beartaithe ag na Red Devils?
Cad é Riail Ronaldo?
Tuairiscíodh níos luaithe an mhí seo go bhfuil teorainn tuarastail (wages) tugtha isteach ag Manchester United dá scuad céad foirne.
Tagann an nuacht tar éis Cristiano Ronaldo imeacht as an gclub. Bhí an tuarastal ba mhó sa Premier League á thuilleamh aige.
Dar leis an Irish Daily Mail, nuair a d’fhág sé Manchester United thug siad isteach an scéim nua ar a dtugtar an ‘Rial Ronaldo’ anois. Tá sé mar aidhm aige a chinntiú nach dtuilleann aon duine sa seomra feistis i bhfad níos mó ná a gcomhghleacaithe.
Tá teorainn de €226,000 sa tseachtain ar thuarastail anois agus tá an chuid is mó de na himreoirí céad foirne is fearr ag tuilleamh idir €204,000 in aghaidh na seachtaine agus an teorainn sin.
Is í an phríomhfhadhb faoi láthair ná David de Gea, an cúl báire atá ag déanamh go maith agus atá ag fáil €426,000 in aghaidh na seachtaine, cé go dtiocfaidh deireadh le sin an samhradh seo.
Tá thart ar €340,000 in aghaidh na seachtaine á íoc ag Casemiro, nár síníodh ach ag deireadh an tsamhraidh, agus tá breis agus trí bliana go leith fágtha aige ag an méid sin airgid.
Táthar le tástáil a dhéanamh ar an Riail Ronaldo nua le hidirbheartaíochtaí faoi chonradh nua do Rashford, mar go dtiocfaidh deireadh leis a chonradh i samhradh na bliana seo chugainn.
De réir an Manchester Evening News, tá Manchester United ‘muiníneach’ go mbeidh siad in ann conradh nua a eagrú lena réalta tosaí.
Tar éis tréimhse fhada fánach, tá ag éirí go han-mhaith le Rashford an séasúr seo, agus tá cúl bainte amach aige ina sheacht n-uaire dheireanacha ag imirt don chlub.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.