Suíomh idirlín Penneys do mhuintir na hÉireann, le brabhsáil amháin

Seoladh suíomh idirlín nua Penneys do shiopadóirí Éireannacha le ‘fanfare’ mór. Ach tá fadhb amháin ann, ní féidir linn siopadóireacht a dhéanamh ann.

Moladh an comhlacht nuair a sheol siad suíomh idirlín Éireannach faoi dheireadh, ionas nach mbeadh ar Éireannaigh dul go dtí an leagan Riocht Aontaithe.

Rinneadh é ionas go mbeadh sé níos éasca do shiopadóirí atá buartha faoi chostas éadaí.

Penneys Mary Street Reopening 6 768x448 1

Bhí suíomh idirlín seolta ag an miondíoltóir sa Bhreatain roimhe seo, ach bhí ar shiopadóirí Éireannacha fanacht lena leagan féin. Tá an t-ardán nuashonraithe nochta anois agus beidh deis ag custaiméirí na rudaí atá ar fáil a sheiceáil. Ach beidh orthu dul go dtí an siopa chun é a fháil.

Ach cé go léireoidh an suíomh na mílte táirgí i faisean, earraí tí, stíl mhaireachtála, áilleacht agus níos mó, ní bheidh siopadóirí in ann aon rud a cheannach.

Feidhmíonn sé mar ‘fuinneog shiopa fhíorúil’ d’úsáideoirí le brabhsáil amháin.

Is féidir le custaiméirí tuilleadh eolais a lorg faoi tháirgí, agus cuntas a bhunú ar an suíomh gréasáin, áit ar féidir leo na hearraí is maith leo a roghnú agus a shábháil.

Chomh maith le sin b’fhéidir gur mhaith le lucht leanúna faisin clárú leis an nuachtlitir chun na bailiúcháin is déanaí a fheiceáil.

Dúirt Damien O’Neill, ceannasaí Penneys Ireland: ‘Tá lúcháir orainn ár suíomh Gréasáin nua a sheoladh in Éirinn; tá a fhios againn gur breá lenár gcustaiméirí teacht isteach inár siopaí, ach ba mhaith linn anois é a dhéanamh níos éasca dóibh a fheiceáil cad atá ar siúl againn, trí rogha i bhfad níos leithne dár dtáirgí a thaispeáint ar líne, rud a chuirfidh ar a gcumas brabhsáil agus seiceáil cén stoc atá ar fáil go háitiúil i siopa roimh chuairt a thabhairt.’

Dúirt sé: ‘Cabhróidh ár suíomh gréasáin linn spléachadh a thabhairt ar na roghanna atá ar fáil inár siopaí ar fud na hÉireann.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram