Mhaígh Enoch Burke go bhfuil sé ‘nefarious’ go bhfuil iarrachtaí ar siúl chun fíneáil a ghearradh air seachas é a chur go príosún as diúltú ordú cúirte a leanúint.
Theip ar Burke cosc a chur ar scoil dul ar aghaidh le héisteacht smachtaithe (disciplinary) ina choinne Déardaoin.
Dúirt breitheamh leis an múinteoir gur tháinig sé chun na cúirte ‘leis na lámha neamhghlana’ toisc go leanann sé ag freastal ar Wilson’s Hospital School, cé gur dúirt an Ardchúirt leis gan é sin a dhéanamh.
Maíonn an tUasal Burke nach bhfuil sé ag cloí le rialacha na cúirte mar go measann sé go bhfuil siad míbhunreachtúil agus mícheart. Ach dúirt an Breitheamh Conor Dignam leis nach dtugann sé sin an ceart dó diúltú ordú cúirte a leanúint.
Bhí an tUasal Burke ag iarraidh urghairí (injunctions) chun stop a chur leis an gcruinniú agus aon chéimeanna breise sa phróiseas smachtaithe, roimh éisteacht iomlán faoin aighneas dlíthiúil idir é féin agus an scoil i gcontae na hIarmhí.
Ina áit sin, tabharfaidh an Ard-Chúirt cinneadh faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn maidir le cibé an féidir fíneáil a ghearradh ar an Uasal Burke as an ordú cúirte a dhiúltú, in ionad é a chur ar ais chuig an bpríosún.
Dúirt sé leis an gcúirt go raibh iarratas na scoile go ndéanfaí a cuid sócmhainní a urghabháil (assets seized) ‘nefarious’ agus go raibh sé ‘preposterous’. Agus mhaígh sé go raibh an scoil ag iarraidh gach rud a bhí ina sheilbh aige a bhaint uaidh toisc go bhfuil a chreideamh reiligiúnach á chur in iúl aige.
Chuala an chúirt roimhe seo gur tháinig an t-aighneas idir an tUasal Burke agus an scoil chun cinn tar éis do phríomhoide na scoile ag an am ríomhphost a sheoladh chuig an bhfoireann ag iarraidh orthu labhairt le dalta faoi ainm nua agus forainmneacha “siad/iad”.
Lean sé air ag freastal ar Wilson’s Hospital School, ó d’oscail sé arís tar éis laethanta saoire na Nollag an 5 Eanáir, in ainneoin gur dhúirt an chúirt leis gan é sin a dhéanamh.
Cuireadh i bpríosún é an 5 Meán Fómhair mar gheall ar an ordú cúirte a shárú agus scaoileadh saor ó Phríosún Mhuinseo é an 21 Nollaig.
Dhiúltaigh an tUasal Burke ceist a fhreagairt ón mBreitheamh Brian O’Moore faoi mhéid a shócmhainní nó aon ioncam breise a fuair sé as ‘grinds’ a thabhairt do mhic léinn. Dúirt sé nach ndearna sé aon rud mícheart agus mheas sé go raibh na ceisteanna go mór maslach ar an mBunreacht.
Chuala an chúirt gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais a insint do phríomhoide na scoile cén tuarastal a bhí ag an Uasal Burke, de bharr GDPR, ach creideadh go raibh sé thart ar €48,000 sa bhliain agus nach raibh aon eolas eile faoi shócmhainní ar bith eile.
Dúirt an breitheamh go dtabharfadh sé a chinneadh faoi Dé hAoine na seachtaine seo chugainn.
D’fhiafraigh an tUasal Burke cén fáth a dtógfadh sé chomh fada sin ó tharla go raibh rún na scoile chomh frithchúiseach leis an mBunreacht.
D’fhreagair an breitheamh gur tháinig go leor daoine chun na cúirte ag iarraidh go ndéanfaí cinneadh ar a gcás láithreach. Is minic a bhí siad ‘misguided’, a dúirt sé, agus bhí ionchais ‘unreal’ acu.
Dúirt sé go raibh sé chun breithniú a dhéanamh ar na saincheisteanna an-domhain a bhí ardaithe ag an dá thaobh agus go raibh sé sin tuillte acu.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.