Tá ceiliúradh mór do chlub CLG Fossa ag teacht abhaile dóibh i gCiarraí, ach seans go mbeidh ar a gcaptaen Paudie Clifford leithscéal a ghabháil.
Cuireadh fáilte abhaile roimh na peileadóirí, tar éis dóibh Craobh Sóisear na hÉireann a bhuachaint ar an Domhnach.
Mar sin féin, leanann na fadhbanna ón gcluiche a cáineadh mar gheall ar an bhforéigean. Eisíodh sé chárta dearga ann, ina measc ceann do réalta na foirne, deartháir le Paudi, David Clifford, air a dtugtar ‘Messi na peile Gaelaí’.
Bhuaigh Fossa, as Cill Áirne, an cluiche in aghaidh Thír Eoghain, Stewartstown Harps, 0-19 go 1-13.
Cuimhneofar ar an gcluiche, áfach, mar gheall ar líon na gcártaí dearga a bhí ann ag an deireadh, rud a d’fhág gur laghdaíodh taobh Thír Eoghain go 11 fear, agus gur cuireadh na deartháireacha réalta Fossa, Paudie agus David Clifford, as freisin.
Is réaltaí iad an bheirt dheartháir Clifford ar fhoireann chontae Chiarraí freisin.
Ach bhí Paudie i níos mó trioblóid nuair a thapaigh sé an deis an réiteoir a cháineadh le linn a óráid ghlactha.
Dúirt sé: ‘Don réiteoir agus a chuid oifigeach, is léir gur cluiche dian a bhí ann ag an deireadh. Jab maith, seachas ag an deireadh nuair a cuireadh as an bpáirc mé go mícheart.’
Féadfaidh an CLG ordú anois dó leithscéal a ghabháil as é sin a rá.
Le linn an chluiche i bPáirc an Chrócaigh, cuireadh imreoirí Stewartstown Harps, Darren Devlin, Kyran Robinson, Gareth Devlin agus Anton Coyle den pháirc.
Cuireadh Darren Devlin den pháirc go luath sa dara leath ach tháinig frustrachas ar an chuid eile acu agus fuair siad na cártaí dearga le linn na gcéimeanna deireanacha den chluiche.
Sna nóiméid dheireanacha den chluiche, bhuail imreoir an fhreasúra Paudie Clifford sa ghialla (jaw) le huillinne (elbow).
Cuireadh Anton Coyle, a tháinig isteach mar ionadaí, as mar gheall ar sin.
Ba ghearr gur lean a chomhimreoir Gareth Devlin, a fuair an dara cárta buí, Coyle go dtí an taobhlíne.
Mar sin féin, cuireadh Paudie agus a dheartháir David den pháirc níos déanaí. Fuair David an dara carta buí agus tugadh dearg díreach do Paudie tar éis dó teagmháil a dhéanamh le duine den fhreasúra.
Cuireadh Kyran Robinson, as Stewartstown, as freisin tar éis dó cárta dearg a fháil.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.