Tugann Mary Lou tacaíocht d’aistriú inscne ball dá teaghlach

Tá sé curtha in iúl ag Mary Lou McDonald faoi mar a bhí athrú inscne (transition) ag a ‘sibling’ is sine, a bhí ainmnithe mar fhear nuair a rugadh í.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Ms McDonald gur aistrigh a deirfiúr in 2021 agus go bhfuil sí ar ‘chuar foghlama’ (learning curve) faoi shaincheisteanna trasinscní (transgender).

Ag labhairt di leis an Sunday Times, dúirt Ms McDonald: ‘Faigheann gach duine saol amháin, ní cleachtadh é, agus mar sin tá sé tábhachtach go mbíonn daoine dílis dóibh féin.

mary lou mcdonald 3 1168x681 1
Mary Lou McDonald

‘Agus ar ndóigh, nuair is duine muinteartha í, tá sé níos tábhachtaí fós mar go bhfuil sí chomh gar do do shaol.’

Nuair a fiafraíodh di an leanfadh sí treoir Phríomh-Aire na hAlban Nicola Sturgeon agus go ndéanfadh sí reachtaíocht chun ligean do leanaí chomh hóg le 16 ‘féin-dhearbhú a n-inscne’, dúirt Ms McDonald: ‘Níl an chéim sin glactha againn. Agus tuigim go bhfuil mé féin cosúil le go leor daoine … táimid ar chuar foghlama ar na saincheisteanna seo.’

Thug ceannaire an pháirtí, atá  53 bliain d’aois, le fios gur thaitin an Rí Séarlas i Sasana léi, tar éis di bualadh leis in 2018.

Dúirt Ms McDonald tar éis don bheirt acu Covid a fháil in 2020, scríobh Séarlas, a bhí mar  phrionsa ag an am, chuici agus d’fhreagair sí agus is cairde pinn (pen pals) ‘an-cairdiúil’ iad anois. Dúirt sí freisin: ‘Is maith liom go mór é, agus bhí spéis aige i rudaí éagsúla agus spéis agam ann.”

Scríobh sí freisin chun a comhbhrón a chur in iúl dó tar éis bhás na Banríona agus Diúc Dhún Éideann araon. Ghabh sí leithscéal freisin as feallmharú an IRA ar an Tiarna Mountbatten.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram