Rinne fear iarracht dúnmharfóir a íoc chun mná a bhí cairdiúil lena bhean chéile a mharú

Rinne fear i mBaile Átha Cliath iarracht dúnmharfóir a íoc chun beirt bhan a bhí cairdiúil ar an idirlíon lena bhean chéile a mharú.

Dúirt sé go rinne sé é ‘le teann grá agus briseadh croí’.

D’íoc Bryan Kennedy €8,000 le fear a d’iompaigh ansin, agus a thosaigh á bhagairt agus ag iarraidh dúmhál (blackmail) a dhéanamh air.

Tá ceithre bliana go leith príosúin gearrtha ag Kennedy anois, atá 35 bliain d’aois, tar éis dó dúnmharfóir ar pá a earcú leis an beirt bhan as Ceanada a mharú mar bhí siad cairdiúil ar an idirlíon lena bhean chéile.

Dúradh sa bPríomhchúirt Choiriúil go raibh Kennedy, as Ascaill Chnocán Tallant i gCrois Araild (Mount Tallant Avenue, Harold’s Cross) i mBaile Átha Cliath ‘imithe as smacht ar fad’ ag an am.

Bryan Kennedy Court3
Bryan Kennedy

Insíodh don Chúirt gur chuir a bhean chéile aithne ar na mná, as Quebec i gCeanada, tré chluichí idirlín agus ar Facebook.

Thosaigh caidreamh eatarthu agus thosaigh a bhean chéile ag fanacht ina suí ar feadh na hoíche agus ina codladh ar feadh an lae.

D’íoc sé €8,000 le ‘Mr X’ leis an mbeirt a mharú. Bhí aithne aige ar Mr X ó gheataí na scoile.  Dúirt an Breitheamh Caroline Biggs gur cuireadh Kennedy ar an eolas gur fear contúirteach a bhí i Mr X. Dúirt an Breitheamh nach leithscéal ar bith é go raibh a bhean i mbun caidrimh taobh amuigh den phósadh.

Phléadáil Kennedy ciontach i dhá chúis faoi iarracht a dhéanamh duine eile a earcú leis na mná a mharú, idir mí Deireadh Fómhair 2019 agus mí Eanáir 2020.

Tá ceithre bliana go leith príosúin gearrtha air. Ach tá sé sin curtha siar go ceann trí mhí le deis a thabhairt dó socruithe cuí a dhéanamh le aire a thabhairt dá chlann.

Criminal Courts Of Justice Dublin CCJ 4 768x448 1

Tá a bhean i dtuilleamaí cathaoir rothaí agus is é Bryan Kennedy anois príomhchúramóir na páistí ó fuair sé féin agus a bhean colscaradh.

Dúirt aturnae cosanta Dominic McGinn leis an gcúirt go raibh iar-bhean chéile Kennedy in éineacht leis ag teacht chun na cúirte, in éineacht lena dheartháir agus a dheirfiúr a bhí ag tacú leis.

Dúirt sé leis an mbreitheamh gur aontaigh Kennedy agus a bhean chéile, is cuma cén tacaíochtaí a cuireadh ar fáil don teaghlach, nach bhféadfaidís an leibhéal cúraim a thug a n-athair do na leanaí a athsholáthar.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram