Gearán déanta do SIPO faoi ‘donations’ do Paschal Donohoe

Tá gearán déanta faoi síntiúis (donations) faoin Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. (Commission on Standards in Public Office, SIPO).

Baineann an gearán le dearbhú síntiús agus tá athbhreithniú le déanamh ag an Aire ar a thaifidrecords.

Is é an gearán ná gur úsáid gnólacht innealtóireachta dhá veain cuideachta agus seisear fostaithe chun póstaeir toghcháin a chur suas agus níos déanaí a bhaint d’aire Fhine Gael ina dháilcheantar i mBaile Átha Cliath Láir le linn fheachtas olltoghcháin 2016, de réir tuairiscí sa Sunday Independent.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Uasail Donohoe go raibh sé ar an eolas faoin ngearán agus go rachaidh sé i dteagmháil le SIPO faoin scéal.

De réir an urlabhraí, baineann an gearán le soláthar seirbhíse a bhí d’fheachtas Olltoghcháin an Uasail Donohoe in 2016.

‘Choimeád an tAire é féin de réir na gcaighdeán is airde i gcónaí agus é i mbun a chuid oibre. Tá athbhreithniú iomlán á dhéanamh aige anois ar na taifid go léir ón am sin,’ a dúirt an t-urlabhraí.

Paschal Donohoe
Paschal Donohoe. Pic: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

I ráiteas ar leith ón mbliain seo caite, dúirt urlabhraí thar ceann an Aire ‘de réir threoirlínte SIPO d’iarrthóirí agus gníomhairí toghcháin, níor breathnaíodh ar an tseirbhís a chuir na daoine aonair ar fáil mar shíntiús d’iarrthóir’.

Sa ráiteas céanna, dúirt sé gur cuireadh feithicil a soláthraíodh don fheachtas ‘ar fáil saor in aisce agus go raibh an luach tráchtála faoi bhun na dteorainneacha deonacha’.

Toghadh Paschal Donohoe in Olltoghchán 2016, mar ionadaí do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir.

Cuireann rialacha Sipo teorainn leis an síntiús ó dhuine amháin in aon bhliain amháin go dtí €1,000 — agus ní mór d’aon deontóir corparáideach a thugann luach os cionn €200, in airgead nó mar sheirbhís, clárú le Sipo mar dheontóir corparáideach.

Ní mór ainm agus seoladh an deontóra a chur san áireamh le síntiúis os cionn €600.

Níl aon tagairt i gcostais toghcháin Donohoe don bhliain 2016 don chuideachta atá i gceist, de réir na dtuarascálacha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram