Tá fear sna 50idí gafa ag Gardaí ar amhras dúnmharaithe tar éis gur thángthas ar chorp mná in árasán maidin Dé hAoine.
Fuarthas corp na mná, a bhí ina 40idí, in árasáin na Canálach Ríoga (Royal Canal apartments) i mBaile an Ásaigh (Ashtown), Baile Átha Cliath 15, ag thart ar 10rn Dé hAoine.
Glaodh ar na ggardaí agus na seirbhísí éigeandála chuig an láthair agus fógraíodh marbh í tamall gairid ina dhiaidh sin.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuair an bhean bás go foréigneach agus go raibh sí sáite roinnt uaireanta.
Deir na gardaí nach bhfuil aon duine eile á lorg acu maidir leis an bhfiosrúchán.
Tá an fear atá gafa á choinneáil ag Stáisiún Garda Fhionnghlaise (Finglas) faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984.
Tá an láthair caomhnaithe le haghaidh scrúdú fóiréinseach.
Aistríodh an corp go dtí marbhlann na cathrach (City Morgue) agus déanfaidh an Paiteolaí Stáit an Dr Linda Mulligan scrúdú iarbháis ar Dé Sathairn.
Leanann gardaí ar aghaidh ag fiosrú an bháis agus tá na hacmhainní ar fad a bhaineann le fiosrúchán dúnmharaithe á n-imscaradh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.