Lisa Marie Presley, an t-aon leanbh ag Elvis Presley, ar shlí na fírinne

Tá Lisa Marie Presley, an t-aon leanbh de chuid Elvis Presley, ar shlí na fírinne. Ní raibh sí ach 54 bliain d’aois agus bhí sí san ospidéal, a dúirt a teaghlach.

Tugadh go dtí aonad dianchúraim ospidéil i gCalifornia í le stad chairdiach.

‘Tá Priscilla Presley agus an teaghlach Presley scriosta ag bás tragóideach a gcara Lisa Marie,’ a dúirt an teaghlach i ráiteas.

‘Tá siad thar a bheith buíoch as tacaíocht, grá agus paidreacha gach duine, agus iarrann siad príobháideacht le linn an ama an-deacair seo.’

john travolta
Ómós: John Travolta

Dúirt Priscilla Presley, máthair Lisa Marie, a bhí pósta le Elvis ar feadh sé bliana go dtí go bhfuair siad colscaradh i 1973, i ráiteas: ‘Is le croí trom a chaithfidh mé an nuacht uafásach a roinnt, go bhfuil m’iníon álainn Lisa Marie imithe uainn.

‘Tá ár gcroíthe briste le bás tobann Lisa Marie Presley anocht… “It’s too much” a dúirt Rita Wilson agus Tom Hanks, a bhí ina réalta sa scannán biopic Elvis le déanaí.

‘Lisa “baby girl”, tá brón orm. braithim uaim go mór  thú ach tá a fhios agam go bhfeicfidh mé arís thú,’ a scríobh an t-aisteoir John Travolta ar Instagram.

‘Briseadh croí. Tá súil agam go bhfuil sí ar a suaimhneas i lámha a hathar,’ a scríobh an t-amhránaí LeAnn Rimes ar Twitter.

Fuair coimeádaí tí Lisa Marie Presley í agus í ‘neamhfhreagrach’ sa bhaile, i mbruachbhaile Calabasas i Los Angeles.

Tom Hanks Toy Story 4 Premiere 5
Ómós: Tom Hanks

Dúirt rannóg dhóiteáin Chontae Los Angeles, a reáchtálann seirbhísí paraimhíochaine (paramedic), leis na meáin gur fhreastail criúnna ar bhean ina lár-50idí a bhí ag fulaingt ó stad  chairdiach díreach tar éis 10.30rn am áitiúil.

Rinne iarfhear céile Lisa Marie Presley, Danny Keough, a bhfuil cónaí air sa teach freisin, CPR go dtí gur tháinig na paraimhíochaineoirí agus d’iompair siad chuig an ospidéal í, áit ar cuireadh i gcóma spreagtha ar thacaíocht saoil í, ach fuair sí bás níos déanaí.

Chomh luath leis Dé Máirt, chonacthas máthair agus iníon le chéile ag na gradaim Golden Globe i Beverly Hills, áit ar bronnadh an t-aisteoir is fearr ar Austin Butler i ndráma as a sheal mar The King i scannán Elvis de chuid Baz Luhrmann.

Ghabh Butler, a bhfuil moladh leathan tuillte ag a fheidhmíocht, leis an mbeirt bhan le linn a óráid ghlactha.

‘Go raibh maith agaibh. Go raibh maith agat as bhur chroí, bhur chuimhní cinn, bhur theach a oscailt dom. Lisa Marie agus Priscilla, tá grá agam daoibh go deo,’ a dúirt Butler.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram