Cogadh na gcupán: Fine Gael ar buile faoi cháin chaife Aire Ossian

11/01/2023

Tá an Comhaontas Glas faoi ionsaí arís ó Theachtaí Dála Fhine Gael, an uair seo tá siad ag gearán faoi cháin chaife.

Tá pleananna ag an Rialtas chun cáin 20c a ghearradh ar chupáin aonúsáide (single-use), cosúil leis an cáin ar mhálaí plaisteacha (plastic bags) a thug Fianna Fáil isteach in 2002.

Beidh an cháin ar chupáin aonúsáide a úsáidtear chun deochanna te ar nós tae agus caife a sholáthar, agus tá an cháin i gceist le daoine a spreagadh chun cupáin athúsáidte (reusable) a úsáid.

Ach tá dúshlán tugtha ag TD Fhine Gael, Joe Carey, do a chomhghleacaí sa Rialtas atá sa Chomhaontas Glas, an tAire Sóisearach Ossian Smyth, atá ag tacú leis an gcáin.

Ossian Smyth 2 1168x681 1
Ossian Smyth

Ag magadh faoin ‘latte levy’, d’fhiafraigh an tUasal Carey den Aire, ar ‘tarraingíodh a aird ar an phobalbhreith le déanaí, rud a thaispeánann go caithfidh 33% den phobal níos lú airgid ar tae agus caife beir leat (takeaway) mar gheall ar an “latte levy”. D’fhiafraigh sé an raibh an tAire ‘imníoch faoin tionchar a bheidh aige seo ar ghnó agus ar fhostaíocht in earnáil “precarious”?’

Dhiúltaigh an tAire d’éilimh an Uasail Carey faoi mhíshuaimhneas an phobail, agus dúirt sé gur léirigh an anailís a rinneadh ar an tionchar a bheadh ag an gcáin go raibh suirbhéanna a thaispeáineann to bhfuil tacaíocht ag an pobal don cháin ar na cupáin.

Tháinig an anailís ar an gconclúid go bhfuil ‘torthaí den sórt sin neamhchoitianta, maidir le beartais a d’fhéadfadh costais bhreise a thabhairt isteach’, agus go tugann sé sin le fios go bhfuil leibhéal soiléir, láidir agus leanúnach tacaíochta poiblí ar son an athrú’.

Is breá liom ‘Rural Ireland’ in ainneoin
cogadh na móna: Eamon Ryan. Clic anseo

Dúirt an tUasal Smyth freisin: ‘Léirigh staidéir ar dhearcadh an phobail ar phlaistigh aonúsáide a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Environmental Protection Agency, EPA) idir 2019 agus 2021, go bhfuil tacaíocht láidir ann do bheartais a thacaíonn le táirgí plaisteacha aonúsáide a laghdú.’

Tá ioncam cánach os cionn €200 milliún mar thoradh ar an gcáin ar mhálaí plaisteacha, a tugadh isteach breis is deich mbliana ó shin.

Joe Carey 1168x681 1
Joe Carey

Léiríonn figiúirí ón Roinn Comhshaoil gur thóg an cháin, de 22 cent ar gach mála, isteach €203.4 milliún.

Thug iar-Aire Comhshaoil Fhianna Fáil Noel Dempsey isteach an cháin i mí an Mhárta 2002 agus socraíodh í ar dtús ag 15 cent, sular méadaíodh é in 2007 go 22 cent.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram