40c ar Guinness – agus ar gach beoir eile a dhéanann an comhlach

Tá ardú suas le 40c ar phraghas pionta Guinness – agus ní amháin Guinness ach gach beoir eile a dhéanann an comhlacht.

Tá an comhlacht Diageo ag cur 12c le praghas a phionta go léir – lena n-áirítear Rockshore, Carlsberg, Harp, Hop House 13 agus Smithwicks. Ach beidh VAT, cáin eile agus brabús do na tithe tábhairne le dul le sin agus mar sin beidh an t-ardú duine ag ól suas le 40c in aghaidh gach pionta.

Tagann an t-ardú praghais i bhfeidhm i gceann trí seachtaine, ar 1 Feabhra, agus mhaígh urlabhraí ó St James’s Gate: ‘Ar nós go leor gnólachtaí in Éirinn, tá boilsciú (inflation) suntasach romhainn i gcostais ar fud ár n-oibríochtaí.

‘Tá na costais seo glactha againn chomh fada agus is féidir ach ar an drochuair, ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag déanamh amhlaidh.

Guinness Tour 12

‘Mar thoradh air sin, scríobhamar chuig ár gcustaiméirí chun iad a chur ar an eolas faoi ardú ar ár ndréachtphraghsanna beorach de 12c an pionta, gan VAT a bheith san áireamh.

‘Cuirfear an t-athrú praghais i bhfeidhm ar fud raon beorach iomlán Diageo agus beidh éifeacht leis ó 1 Feabhra.’

Cosnaíonn pionta idir €5 agus €6 anois agus dúirt tábhairne amháin: ‘Ciallaíonn sé go héifeachtach áit éigin idir 30c go 40c d’ardú praghais a luaithe a chuirtear VAT, cáin eile agus brabús do na tithe tábhairne leis.’

Dúirt an Vintners’ Federation of Ireland, a dhéanann ionadaíocht thar ceann tábhairne lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, go raibh ‘drochscéal’ i gceist, anuas ar costais fuinnimh bíseacha agus brú ar arduithe pá foirne.

Dúirt urlabhraí de chuid an VFI: ‘Is drochscéal eile é fógra Diageo faoi ardú ar phraghas a bheoir, Guinness san áireamh, do thrádáil an tábhairne atá ag dul i ngleic le costais fuinnimh ag ardú, boilsciú agus an t-ardú ginearálta ar chostas gnó a dhéanamh. ‘

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram