Faoiseamh d’Éirinn: Beidh Sexton agus Furlong aclaí do na Sé Náisiún

09/01/2023

Deir Laighean go bhfuil súil acu go mbeidh imreoirí idirnáisiúnta na hÉireann Johnny Sexton agus Tadhg Furlong ceart go leor chun tosaigh ar Chraobh Guinness Sé Náisiún an séasúr seo.

D’fhulaing Sexton gortú chnámh sa chluiche Craobh Rugbaí Aontaithe (United Rugby Championship URC) i gcoinne Chonnacht ar 1 Eanáir, agus bhí mionobráid aige.

Ireland rugby2
Andy Farrell le Paul O’Connell Pic: by Brendan Moran/Sportsfile

Níor imir sé i gcluiche an URC i gcoinne Ospreys in Swansea Dé Sathairn, agus ní bheidh sé ag imirt do Chúige Laighean i gcluiche Chorn Seaimpíní Heineken in aghaidh Gloucester ag Kingsholm an deireadh seachtaine seo chugainn.

‘Déanfar measúnú breise air an tseachtain seo chugainn, ach meastar go mbeidh sé ar ais chun tosaigh ar na Sé Náisiún,’ a dúirt Laighean.

Imríonn Éire, atá rangaithe mar an fhoireann is fearr ar domhan, in aghaidh na Breataine Bige dá gcéad chluiche Sé Náisiún ar 4 Feabhra.

Beidh réaltaí Laighean ar ais i
gcoinne Gloucester Dé Sathairn,
ach ní bheidh Sexton leo. Click anseo

Beidh cluiche ríthábhachtach ag foireann Andy Farrell in aghaidh na Fraince i mBaile Átha Cliath seacht lá ina dhiaidh sin.

Níor imir Sexton, a bhfuil 109 caipín buaite aige, in dhá cheann de thrí Thriail Shraith Náisiún an Fhómhair (Autumn Nations Series Tests) an séasúr seo mar gheall ar ghortú.

Idir an dá linn, tháinig Furlong slán ó fhadhb rúitín (ankle) ach d’fhulaing sé ‘mionfhadhb’ san oiliúint an tseachtain seo caite nuair a fuair sé gortú colpa (calf) dó.

Ireland rugby3
Tadhg Furlong le Johnny Sexton Pic: Brendan Moran/Sportsfile

Ní bheidh Furlong ag imirt sa chluiche in aghaidh Gloucester, ach táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil roimh na Sé Náisiún.

Cuirfidh Laighean a gcluichí i gCorn na Seaimpíní i gcrích trí Racing 92 a óstáil ar 21 Eanáir, ansin tabharfaidh siad aghaidh ar Cardiff i gcluiche URC Cardiff i mBaile Átha Cliath seacht lá ina dhiaidh sin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram