Máthair George Nkencho chun caingean chúirte a thabhairt in aghaidh na gardaí

Tá máthair George Nkencho, fear a scaoileadh marbh ina teach féin ag gardaí armtha, ag cur an dlí ar na Gardaí Síochána agus an Stáit, a deir tuairiscí.

Lámhachadh George Nkencho, a bhí 27 bliain d’aois, tar éis ‘standoff’ ina theach cónaithe in iarthar Bhaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin.

Bhí an tUasal Nkencho armtha le scian agus bhí deacrachtaí meabhairshláinte aige ag an am.

Tá Blessing Nkencho i mbun caingean díobhála pearsanta (personal injury) san Ard-Chúirt i gcoinne Choimisinéir an Gharda Síochána, an Ard-Aighne agus an Aire Dlí agus Cirt maidir lena bhás, de réir an Irish Times.

Gloria Nkencho 2
Gloria Nkencho, deirfiúr George

Gortaíodh George Nkencho go marfach ag baill d’Aonad Tacaíochta faoi Airm an Gharda Síochána (Garda Armed Support Unit) lasmuigh dá theach teaghlaigh ag Manorfields Drive, Cluain Aodha, Co. Bhaile Átha Cliath, an 30 Nollaig 2020.

Cuireadh caingne dlí ó Gloria Nkencho, deirfiúr George, agus a deartháireacha Emmanuel agus Victor, san Ard-Chúirt an samhradh seo caite, agus chuir deirfiúr eile, Grateful, imeachtaí cosúla isteach sa chúirt an mhí seo caite.

Bhí an tUasal Nkencho armtha le scian agus bhí deacrachtaí meabhairshláinte aige ag an am.

Cuireadh ionchoisne (inquest) faoi bhás an Uasail Nkencho ar atráth arís agus arís eile go dtí go gcríochnófar fiosrúchán ó Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (Garda Síochána Ombudsman Commission, Gsoc).

Ag oscailt an ionchoisne i mí an Mheithimh 2021, dúirt an cróinéir an Dr Myra Cullinane go bhfuair an tUasal Nkencho bás de bharr ‘multiple gunshots wounds to the trunk with no contributory factors’  sular cuireadh an t-ábhar ar atráth.

Níl imscrúdú an Gsoc críochnaithe agus táthar ag súil go ndéanfar an cás a lua arís i mí an Mhárta.

Ag labhairt di i ndiaidh éisteachta is déanaí an ionchoisne, an mhí seo caite, dúirt Blessing Nkencho nach raibh a teaghlach sásta leis an moill ar dul chun cinn an fhiosrúcháin.

‘Tá beagnach dhá bhliain ann anois agus níl aon eolas againn maidir leis an ngarda a lámhaigh George agus anois tá sé curtha ar atráth ar feadh sé mhí eile. Tá a fhios againn go bhfuil a ndícheall á dhéanamh acu ach tá sé an-deacair dúinne,’ a dúirt sí.

Ní féidir leis an ionchoisne iomlán dul ar aghaidh go dtí go gcríochnaítear an t-imscrúdú; ach d’fhéadfaí moill bhreise a chur air má chinneann Gsoc moladh a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (Director of Public Prosecutions) go dtabharfar cúisimh mar gheall ar an lámhach.

Creideann foinsí dlí nach gcuirfear cásanna sibhialta ar aghaidh go dtí go mbeidh fiosrúchán an Gsoc agus an t-ionchoisne tugtha chun críche.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram