Praghas ar ghás ard cé go bhfuil an costas mórdhíola tite

Tá an praghas is airde riamh á n-íoc ag teaghlaigh ar ghás chun a dtithe a choinneáil te, cé gur tháinig laghdú níos mó ná a leath ar an costas mórdhíola (wholesale) i mí amháin.

Thit praghsanna mórdhíola 5% díreach inné agus thit siad ó thart ar €150 in aghaidh na ‘megawatt/hr’ ag tús mhí na Nollag go dtí díreach €68 anois.

Ach fós féin dúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath go bhfuil sé ‘ró-luath’ a rá an leathnóidh an Rialtas le tacaíochtaí a thabhair do theaghlaigh, thar dheireadh mhí Feabhra.

Mar sin féin, beidh an Rialtas ag oibriú amach a chur chuige sna seachtainí amach romhainn.

home Heating Bill 1 1068x623 1

Dúirt an tUasal McGrath gur chosain na bearta thart ar €2 billiún ar an Stát go dtí seo.

‘Tá na suimeanna an-mhór,’ ar seisean.

Le cúpla seachtain anuas tá laghdú tagtha ar an éileamh ar ghás san Eoraip le haimsir níos teo, rud a thug an praghas mórdhíola anuas – ainneoin ionradh na Rúise ar an Úcráin ag cur isteach ar línte soláthair.

Dúirt an saineolaí fuinnimh Javier Blas, ó anailísithe airgeadais Bloomberg, inné: ‘Ciallaíonn aimsir níos teo éileamh níos ísle ar ghás nádúrtha agus ar leictreachas agus tá díolachán mór feicthe againn sna margaí mórdhíola le linn thréimhse na Nollag, agus tá sé ag leanúint ar aghaidh sa bhliain nua, le praghsanna gáis tite níos mó ná 5% ar maidin inniu, ag oscailt ar an bpraghas is ísle ó thús an chogaidh san Úcráin.’

Bhí an úsáid gháis níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis sna margaí le déanaí seachas ‘cúpla lá go luath i mí na Nollag’ mar gheall ar an aimsir níos teo le déanaí.

‘Tá laghdú feicthe againn ar fud an Aontais Eorpaigh ar úsáid an gháis i mí na Nollag go háirithe, mí ríthábhachtach don téamh, agus ní mar gheall ar an aimsir amháin atá sin’, a dúirt an tUasal Blas.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram