Tá eagla ar Frank Lampard go dtabhairfidh Everton an bata agus bóthar dó, tar éis dá fhoireann an cluiche aréir a chailleadh i gcoinne Brighton os comhair lucht leanúna feargach sa bhaile.
Rinne an slua faíreach faoi an foireann agus caitheadh ‘smoke canisters’ síos i bPáirc Goodison tar éis do Brighton trí chúl a fháil i seacht nóiméad go luadh sa dara leath.
Níl Everton anois ach pointe amháin os cionn an zón ísliú chéime.
Fuair Kaoru Mitoma an chéad cúl, tar éis 14 nóiméad, do Brighton agus ansin fuair Evan Ferguson, Solly March agus Pascal Gross go léir cúil as a chéile go tapa ag tús an dara leath.
Scóráil Brighton ceithre chúl i gcluiche mór as baile don chéad uair ina stair.
Níor thug cic éirice déanach Demarai Gray sólás ar bith do Everton agus Lampard.
Ba é seo an cineál oíche le bainisteoir a fhágáil buartha faoina thodhchaí, agus a lucht tacaíochta buartha faoi stádas a gclub sa Premier League.
Bhí cuma suaite ar Frank Lampard ar an taobhlíne. Beidh a fhios aige cé chomh mífhoighneach a bheidh Farhad Moshiri, úinéir an chlub, sna laethanta amach romhainn, gan dabht.
Ní mór moladh iomlán dul go Brighton, áfach. Is club forásach é le fís fhadtéarmach agus plean den scoth acu.
Scóráil siad ceithre huaire, le seans cúpla cinn eile a fháil, agus bhí an mhuinín acu a d’fhág go raibh lucht leanúna Everton ag iarraidh go mbeadh a bhfoireann féin in ann imirt leis an bhfuinneamh céanna.
Rachaidh Roberto De Zerbi ar aghaidh ó sheasamh láidir agus cén fáth nár cheart dóibh a bheith ag brionglóid faoi cháiliú don Eoraip?
Tá na huirlisí go léir acu le dul i bhfad agus tá siad ag imirt chomh maith le haon foireann timpeall orthu.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.