Deireadh ag teacht le táillí €80 in aghaidh an lae d’othair san ospidéal

Táthar le deireadh a chur le táillí, ar féidir leo a bheith chomh mór le €80 in aghaidh an lae, d’othair san ospidéal, agus táthar ag súil go lorgóidh an tAire Sláinte Stephen Donnelly comhaontú na Comh-Aireachta inniu do na pleananna.

Fógraíodh ar Lá an Bhuiséid i mí Mheán Fómhair go gcuirfí deireadh leis na táillí i mí Aibreáin na bliana seo agus go mbeadh gá le reachtaíocht.

Bhí foláireamh tugtha ag carthanais ar nós Chumann Ailse na hÉireann (Irish Cancer Society)  go raibh othair atá ag teacht chucu féin ón ailse á ruaigeadh ag bailitheoirí fiachais (debt collectors) mura mbeadh na híocaíochtaí déanta acu leis na hospidéil.

Faoi láthair, íocaíonn go leor othar táille de €80 in aghaidh an lae, le teorainn bhliantúil de dheich lá, nó €800. Tá na táillí seo i bhfeidhm le blianta fada.

Nurses 4

Anuraidh chuir an Rialtas deireadh leis na táillí do pháistí faoi 16 bliain d’aois, agus dúirt an Rialtas gur chuidigh sé seo cheana féin le sábháil suntasach airgid do go leor teaghlach.

Tá foinsí an Rialtais ag súil go gcosnóidh an beart faoi €50 milliún agus go n-íocfaidh an Stát as an costas sa chéad bhliain ar a laghad.

Táthar ag súil go dtabharfar an reachtaíocht isteach don Oireachtas an mhí seo chugainn, agus é ar intinn go mbeidh sé ina dhlí faoi dheireadh mhí an Mhárta, agus go gcuirfear deireadh go foirmiúil le táillí am éigin i mí Aibreáin.

Bhí roinnt díolúintí ann cheana féin ón táille, mar shealbhóirí cárta leighis, daoine atá ag fáil cóireála le haghaidh Covid, agus othair atá faoi réir táillí ‘fadfhanachta’.

Ag labhairt dó sa Dáil tar éis don bheart a bheith fógartha sa bhuiséad, thug an tUasal Donnelly le fios go raibh sé tar éis bogadh chun an costas a bhaint de bharr bailitheoirí fiacha a bheith ar thóir othair le haghaidh na dtáillí. Dúirt sé: ‘Táimid ag cur deireadh iomlán le táillí ar othair in ospidéil ó Aibreán 2023 ar aghaidh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram