Bhí an chuma ar an scéal go raibh Cody Gakpo chun a bheith ina imreoir do Manchester United go dtí gur tháinig Liverpool isteach go tobann agus gur athraigh siad an script.
Bhí réalta in an ionsaitheoir don Ísiltír ag Corn an Domhain, ag scóráil trí chúl i Catar, agus tá sé anois ar a bhealach go Sasana chun aistriú go Liverpool.
Bhí Manchester Unoited nasctha leis ar feadh míonna go dtí gur fhógair Liverpool go tobann go raibh conradh aontaithe acu leis an tostóir.
I margadh arbh fhiú suas le €50 milliún é, shínigh Gakpo le foireann Jurgen Klopp ar chonradh cúig bliana go leith.
Ag labhairt dó faoin aistriú, mhol Gakpo tionchar Virgil van Dijk nuair a chuir sé ina luí air teacht go Anfield.
‘Labhair muid go leor ar an bhfón le laethanta anuas,’ a dúirt an peileadóir, atá 23 bliain d’aois, agus é ag caint ar shuíomh gréasáin oifigiúil an chlub.
‘Is é an rud a dúirt sé liom ná gurb é seo an beart ceart dom a dhéanamh, agus mise ag forbairt chun a bheith i m’imreoir níos fearr, gur club iontach ollmhór é an club agus gur cosúil le fíor-theaghlach é freisin – is dóigh liom go bhfuil sé sin an-tábhachtach dom freisin mar is fear teaghlaigh mé. Ní dúirt sé ach rudaí maithe faoi.
‘Nuair a bhí mé ag glaoch isteach ar an gcóitseálaí, tháinig Virgil van Dijk isteach in oifig an chóitseálaí agus ansin chonaic sé mé agus rinneamar comhrá beag.
‘Tá mé sásta freisin go bhfuil sé anseo, ionas gur féidir leis cabhrú liom le roinnt rudaí. Táim fíor bhuíoch as a bheith anseo.’
‘Tá mé ag súil go mór le himirt ag Anfield. Chuala mé go leor scéalta iontacha faoin staidiam, faoin atmaisféar. Ní féidir liom fanacht.
‘Is é an aidhm atá agam an oiread duaiseanna agus is féidir linn a bhuachan mar fhoireann, feidhmiú go maith, a thaispeáint don domhan cad is féidir linn a dhéanamh mar fhoireann agus cad is féidir liom a dhéanamh mar imreoir.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.