Tá an vacsaín teanndáileog Covid (booster) ar fáil anois do dhaoine chomh hóg le 18 mbliana d’aois mar go bhfuil faitíos ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil ospidéil plódaithe.
Agus tá an HSE ag impí ar dhaoine idir 18 agus 49 bliain d’aois an vacsaín teanndáileog a fháil.
Is féidir coinní a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin an HSE, agus beidh sliotáin ar fáil ón lá inniu ar aghaidh.
Shín an tAire Sláinte Stephen Donnelly an clár vacsaíne Covid chuig daoine idir 18 agus 49 bliain d’aois mar iarracht cosc a chur ar ospidéil dul thar fóir ag trí víreas éagsúla.
I measc na ndaoine a bhfuil cead acu an chéad teanndáileog eile a fháil tá daoine a bhí ionfhabhtaithe (infected) leis an víreas le sé mhí anuas.
Leag Eileen Whelan, Ceannaire Náisiúnta Chlár Vacsaínithe Covid-19, béim ar a thábhachtaí atá na teanndáileoga seo, ag rá: ‘Molaim do gach duine a dhara teanndáileog a fháil.
‘Tabharfaidh sé cosaint leanúnach ó thinneas tromchúiseach, agus méadóidh sé d’imdhíonacht (immunity) in aghaidh ionfhabhtú ó Covid-19, rud a bhfuil sé ar eolas againn a laghdóidh tar éis tréimhse míonna tar éis do vacsaíne deiridh.
Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry: ‘Tá an-imní orainn i gcónaí faoin ardú géar atá tagtha ar chásanna Covid-19, fliú agus tinnis riospráide eile ag an am seo.
‘Tá ár ndochtúirí teaghlaigh agus ár n-ospidéil ag obair go dian chun tacú le daoine, ach tá méadú níos mó ná 100% feicthe againn ar chásanna an fhliú, agus ar dhaoine a bhfuil gá acu le hiontráil ospidéil don fhliú. Sa tseachtain dar críoch an 24 Nollaig, tuairiscíodh 2,329 cás den fhliú, i gcomparáid le 1,174 an tseachtain roimhe sin.
‘Tháinig ardú céime go 637, ó 299 an tseachtain roimhe sin, ar na daoine a raibh gá acu le hiontráil ospidéil don fhliú. Mhéadaigh cásanna Covid-19 go 3,809, i gcomparáid le 3,118 an tseachtain roimhe sin, agus 737 duine san ospidéal le Covid-19.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.