Éire ainmnithe mar an áit is fearr le taisteal ann san Eoraip ag mórfhoilseachán Mheiriceá

Tá ÉIRE ainmnithe mar an áit is fearr le taisteal ann san Eoraip don naoú bliain as a chéile ag foilseachán taistil ceannasach de chuid na Stát Aontaithe.

Ghlac Tourism Ireland leis an ngradam ag an 20ú Travel Weekly Readers’ Choice Awards i Nua-Eabhrac in American Museum of Natural History.

Bhí Éirinn in iomaíocht leis an Iodáil, an Fhrainc, an Ghréig, an Spáinn agus an Chróit le haghaidh an gradam, ach sa deireadh bhain sí an áit ab fhearr amach don chatagóir Ceann Scríbe is Fearr san Eoraip.

galway racesgal2 768x448 1
Rásaí na Gaillimhe. Pic: Seb Daly/Sportsfile

Agus í ag glacadh an gradam dúirt Alison Metcalfe, ceannaire Tourism Ireland  i Mheiriceá Thuaidh: ‘Tá áthas orainn go bhfuil Éire ainmnithe don naoú bliain as a chéile don ghradam mór le rá seo.

‘Tá an-rogha ag taistealaithe sa lá atá inniu ann, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh dúinn a chinntiú go seasfaidh Éire amach ó chinn scríbe eile – mar sin is dea-scéala an gradam seo, agus muid ag ullmhú chun feachtas poiblíochta fairsing agus spriocdhírithe eile a thosú in 2023.’

In 2019, chuir Éire fáilte roimh 1.7 milliún turasóir ó na SAM, ar thug a gcuairteanna €1.6 billiún don gheilleagar.

Léiríonn na gradaim an rud a mheasann lucht féachana Travel Weekly a bheith ar na cinn is fearr i 82 chatagóir. Reáchtáladh céim bhallóide oscailte sa samhradh agus aithníodh na faighteoirí ba mhó vótaí, sular tionóladh an dara babhta san fhómhar.

Tá ionaid saoire áille ar nós Chill Áirne chomh maith leis na roghanna éagsúla atá ar fáil i nGaillimh, ar nós Rásaí na Gaillimhe, tarraingteach do dhaoine ag teacht go hÉirinn in imeacht na mblianta.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram