Tá srianta (restrictions) mór ar pháirceáil charranna i gceantair uirbeacha á phlé ag an Rialtas chun iarracht a dhéanamh a spriocanna laghdaithe carbóin a bhaint amach.
Tá cruinniú ag an gComh-Aireacht inniu chun an Plean Gníomhaíochta Aeráide is déanaí a mheas.
I measc na mbeart atá le plé tá laghdú ar spásanna páirceála ag foirgnimh na hearnála poiblí, i gceantair ina bhfuil córas iompair poiblí maith ann.
Gearrfar 20% ar an achar iomlán a thiomáintear thar gach turas cairr, má oibríonn an plean.
Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Eamon Ryan ag leagan amach a chuid spriocanna inniu maidir le beagnach trian de na gluaisteáin phríobháideacha go léir a bheith leictreach faoi 2030, agus le painéil ghréine a bheith suiteáilte ar gach teach nua, foirgneamh poiblí agus scoil faoi 2025, mas féidir.
Scrúdófar freisin laghdú ar pháirceáil ar an tsráid chun siúl agus rothaíocht a spreagadh, chomh maith le haistriú ag comhlachtaí poiblí i dtreo ‘praghsanna margaidh’ do pháirceáil carranna.
Breithneoidh an Rialtas freisin táillí brú tráchta a thabhairt isteach, mar a dhéantar i Londain, ach dúirt foinse atá gar don Uasal Ryan nach raibh ‘aon ghealltanas sonrach’ ann a leithéid de straitéis a thabhairt isteach.
Forbrófar taraif nua leictreachais ghlas freisin faoi 2023 chun daoine a spreagadh chun leictreachas in-athnuaite a úsáid ag amanna nuair a bhíonn giniúint ard gaoithe agus gréine ann.
Méadóidh an ráta ag a gcuirfear foraoisí nua go 8,000 heicteár in aghaidh na bliana ón mbliain seo chugainn.
Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas don Aontas Eorpach astaíochtaí breosla (fuel emissions) a laghdú 51% faoi 2030, mar aon le sprioc go mbeadh Éire neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.