Buaileadh feithicil Pte Seán Rooney le 27 urchar ó áiteanna éagsúla

21/12/2022

Buaileadh an fheithicil a bhí á thiomáint ag an Pte Seán Rooney le 27 urchar ó áiteanna éagsúla agus bhí ar a laghad triúr fear gunna i gceist, de réir tuarascála slándála ón Liobáin.

Tá trí imscrúdú ar leith ar siúl, ag na Náisiúin Aontaithe, Óglaigh na hÉireann agus rialtas na Liobáine, chun iarracht a dhéanamh na fíricí a fháil maidir le luíochán (ambush) Dé Céadaoin seo caite.

Maraíodh an Pte Rooney, a bhí 24 bliain d’aois, in Al-Aqbieh le linn gnáth-thuras go dtí aerfort Béiriút, agus é ag fónamh le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe (NA) sa Liobáin (United Nations Interim Force in Lebanon, Unifil).

Fuair Pte Rooney bás tar éis dó a bheith lámhaigh nuair a ionsaíodh an fheithicil armúrtha ina raibh sé. Bhí siad scartha ó conmhaigh.

Lebanon 4
Pic: MAHMOUD ZAYYAT/AFP via Getty Images

De réir an nuachtáin Nidaa al- Watan, fuarthas amach i dtuarascáil slándála na Liobáine gur lámhachadh 27 urchar as go leor treoracha ag an fheithicil, rud a thug le tuiscint go raibh triúr fear gunna ar a laghad páirteach ann.

Tá faitíos ann freisin go bhfuil seans ann gur theith na maraitheoirí go dtí an tSiria.

Tar éis thorthaí na tuarascála, rinne oifigigh na Liobáine teagmháil le ceannaireacht Hezbollah, ag rá leo go bhfuil ‘an cheist éirithe mar ábhar náire’ do na Náisiúin Aontaithe agus don phobal idirnáisiúnta.

Rinne an grúpa cathach cur síos ar an dúnmharú roimhe seo mar ‘eachtra neamhbheartaithe’ agus shéan siad aon bhaint a bheith acu leis.

Deir an foilseachán áitiúil gur bhuail oifigeach slándála sinsearach Hezbollah le Unifil le déanaí, trí Zoom, chun eachtra na seachtaine seo caite a phlé.

Dúirt oifigeach slándála Hezbollah go dtacaíonn an páirtí lena chaidreamh le Unifil agus nach raibh aon baint acu leis an méid a tharla in Al-Aqbieh Dé Céadaoin seo caite.

Deir tuairiscí go bhféadfadh gur tharla an ionsaí mar iarracht na Náisiúin Aontaithe a dhíspreagadh ó patról a dhéanamh ar shráidbhailte ina gcoinníonn Hezbollah airm.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram