Éileamh ar phionóis níos géire d’úinéirí ‘puppy farms’

19/12/2022

Agus an Nollaig ag teannadh linn táthar ag tabhairt foláireamh do theaghlaigh a bhfuil leanaí óga acu, nach don Nollaig amháin atá peata.

Agus má tá sé beartaithe ag tuismitheoirí peata a cheannach dá bpáistí i mbliana, tá rabhadh á thabhairt dóibh a bheith ag faire amach do pheataí ó fheirmeacha coileán (puppy farms).

Tá pionóis níos déine á lorg ag Dogs Trust Ireland d’fheirmeoirí coileáin agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ‘anró uafásach’ a chuirtear ar ainmhithe.

Tougher Penalties For Puppy Farmers
Mollie. Pic: Fran Veale

Tá feachtas Puppy Farms are a Life Sentence’ seolta ag an gcarthanas, tar éis dóibh €61,000 a chaitheamh ar tháillí tréidliachta amháin do 161 madra a tógadh ar na feirmeacha le dhá bhliain anuas. Tháinig an chuid is mó de na madraí seo ó dhá fhoinse – gearradh fíneáil níos lú ná €2,000 an duine orthu.

Déanann feirmeacha coileáin madraí a phórú (breed) go dian gan mórán machnaimh á dhéanamh ar a leas. Bítear ag súil go minic go bpóróidh madraí baineanna go leor coileáin in aghaidh na bliana.

Dogs Trust 2
Rudi. Pic: Fran Veale

Tá Dogs Trust ag iarraidh pionóis níos géire a ghearradh orthu siúd atá freagrach.

Dúirt Ciara Murran ó Dogs Trust Ireland: ‘Táimid ag iarraidh ar dhaoine tacú lenár bhfeachtas chun dúil an phobail i leith pionós níos géire a léiriú d’fheirmeoirí coileáin.’

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram